Acht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais, 1999 (Acht Gramm–Leach–Bliley)
Ritheadh an tAcht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais de chuid na Stát Aontaithe, nó an tAcht Gramm–Leach–Bliley ar an 12 Samhain 1999. Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D. Roosevelt a lámh leis an Acht Glass-Steagall[1] i 1933, mar fhreagra ar amhantraíocht neamhrialaithe de chuid lucht Wall Street. Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.[2]
Cineál | Act of Congress in the United States (en) |
---|---|
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Eapainm | Phil Gramm, Jim Leach agus Thomas J. Bliley, Jr. |
Údar | 106ú Comhdháil na Stát Aontaithe |
Is amhlaidh go raibh lucht Wall Street ag iarraidh seirbhísí airgeadais a dírialú ó na hochtóidí i leith. Agus nuair a ceapadh Alan Greenspan i 1987 - fear a bhíodh roimhe sin ina stiúrthóir le banc J.P. Morgan - ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach, ghríosaigh sé Comhdháil na Stát Aontaithe chun Glass-Steagall a aisghairm. Mhol sé é mar ‘réabhlóid in airgeadas.’ D’éascaigh aisghairm Glass-Steagall áfach, an réabhlóid urraithe is cúis leis an ghéarchéim airgeadais 2007-2008.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Glass–Steagall legislation" (as en) (2024-07-12). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Maidhc Ó Cathail (Eanáir 2009). "An Teach Cearrbhachais Dlíthiúil" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-09-26.