Adetokunbo Ademola

dlí-eolaí Nigéarach

Dara Príomh-Bhreitheamh na Nigéire, agus prionsa Egbach, ab ea "Ọmọba"[1] An Ridire Adetokunbo Ademola (1 Feabhra 190629 Eanáir 1993).[2]

Infotaula de personaAdetokunbo Ademola
Beathaisnéis
Breith1 Feabhra 1906
Abeokuta, An Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Eanáir 1993
86 bliana d'aois
Lagos, An Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata
Chief Justice of Nigeria (en) Aistrigh
1958 – 1972
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Selwyn
King's College, Lagos (en) Aistrigh
St Gregory's College, Lagos (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Iarúibis
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Iarúibis agus Pidsean na Nigéire
Teaghlach
CéileKofoworola Ademola Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínOmo-Oba Adenrele Ademola
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Mac le Ademola II, Alake Thír na nEgbach in Abeokuta, cathair in iardheisceart na Nigéire, ab ea é. Mar sin, ba phrionsa de chuid na nIarúbach é.[3]

Rinne Ademola staidéar ar an dlí i gColáiste Selwyn, Cambridge. Glaodh chun an Bharra air ag an Teampall Láir, Londain sa bhliain 1934.

 
Dealbh i Lagos, ionracas na córa

Tar éis dó bheith ag obair mar státseirbhíseach agus giúistís, le briseadh ag cleachtadh go príobháideach (1936-39), ceapadh Ademola ina bhreitheamh sa bhliain 1949.

Rinneadh Príomh-Bhreitheamh Iarthar na Nigéire de sa bhliain 1955 agus Príomh-Bhreitheamh na tíre ar fad trí bliana dár gcionn, 1958. Agus Ademola ina Phríomh-Bhreitheamh, bhí ról ríthábhachtach aige maidir leis an Nigéir a choimeád le chéile le linn na tréimhse an-chorrach, an Cogadh Cathartha, ag deireadh na 1960idí agus tús na 1970idí. Bhí de chlú air gur fear céillí, críonna é, agus ionraic chomh maith.[2]

In éineacht leis An Dochtúir Teslin Olawale Elias, a bhí ina Phríomh-Bhreitheamh ina dhiaidh, bhí páirt mhór aige agus Scoil Dlí na Nigéire á cur ar bun.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Oba (ruler)" (as en) (2022-01-24). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 Peters Ifeoma (2017-07-20). "Fallen Legal Heroes - Sir Adetokunbo Ademola - DNL Legal and Style" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-29. Dáta rochtana: 2022-01-29.
  3. 3.0 3.1 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Adetokunbo Ademola" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2022-01-29.