Adewale Akinnuoye-Agbaje
Is aisteoir é Adewale Akinnuoye-Agbaje a rugadh sa Bhreatain ar 22 Lúnasa 1967. Is ón Nigéir dá mhuintir agus chuir siad fúthu i Londain. Rugadh Akinnuoye-Agbaje in Islington agus tá ceathrar deirfiúr aige. Tá a lán teangacha aige - Béarla, Iodáilis, Iarúibis (teanga a thuismitheoirí) agus Svahaílis. Bhain sé amach céim mar Mháistir sa Dlí i gColáiste an Rí i Londain. Is Búdaí é Akinnuoye-Agbaje[1] agus tá sé ar lucht leanúna Arsenal F.C.
Adewale Akinnuoye-Agbaje | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Londain, 22 Lúnasa 1967 (54 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Grúpa eitneach | Iarúbaigh |
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste an Rí, Londain |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | aisteoir, scríbhneoir scripte scannáin, mainicín, aisteoir scannáin, aisteoir teilifíse agus stiúrthóir scannán |
Duais |
liosta iomláin
|
Creideamh | |
Reiligiúin | Soka Gakkai |
IMDb | nm0015382 |
Rinne Adewale páirt an bhithiúnaigh Simon Adebisi ar Oz, clár de chuid HBO, agus páirt Mr Eko ar Lost, clár teilifíse de chuid ABC i Meiriceá. D'iarr sé cead scoir de bharr bhás a thuismitheoirí agus chun scannán a stiúradh. Déanann sé a chuid féin d'aon pháirt a fhaigheann sé (rud ba chúis leis an iomrá gur chaill sé a pháirt in “Lost” toisc gur ghabh sé neamhchuidiúlacht an charachtair air féin).
Tháinig sé os comhair an cheamara den chéad uair sa bhliain 1994 i bhfíseán Dawn Penn le haghaidh "No, No, No (You Don't Love me)", amhrán lasta dá cuid. Timpeall an ama chéanna bhí sé feiceáil san fhíseán a bhí ag gabháil le "Jealousy", amhrán de chuid na Pet Shop Boys a raibh an-ráchairt air. Is iomaí páirt a rinne sé i scannáin ó shin, agus bhí sé ina ath-thíoránach Afracach in "The Bourne Identity" (2002).
ScannáinCuir in Eagar
Bliain | Scannán | Ról |
---|---|---|
1995 | Congo | Kahega |
Delta of Venus | The Clairvoyant | |
Ace Ventura: When Nature Calls | Hitu | |
1998 | Legionnaire | Luther |
2001 | The Mummy Returns | Lock-Nah |
Lip Service | Sebastion | |
2002 | The Bourne Identity | Nykwana Wombosi |
2004 | Unstoppable | Junod |
2005 | Mistress of Spices | Kwesi |
On the One | Bull Sharky | |
Get Rich or Die Tryin' | Majestic | |
2009 | G.I. Joe: The Rise of Cobra | Heavy Duty |
Fiseáin CheoilCuir in Eagar
- "Love No Limit" - Mary J. Blige
- "No No No" - Dawn Penn
ReferencesCuir in Eagar
Naisc SheachtrachaCuir in Eagar
- Adewale Akinnuoye-Agbaje interview ar sheó Tavis Smiley
- Mr. Eko no pain in the neck-o explains 'difficult' tag ag an New York Post