Aerfheithicil gan foireann

Is éard is Aerfheithicil gan fhoireann (AGF), ar a dtugtar sa gnáthchaint drón (nó dordán), ná aerárthach gan píolótach daonna ar bord. Bíonn a heitilt rialaithe go neamhspleách, trí ríomhairí san fheithicil nó trí cianrialtán ag píolótach ar an dtalamh nó i bhfeithicil eile.

RQ-1 Predator, Aerfheithicil gan fhoireann, san Iaráic

Bíonn éagsúlacht leathan de chruthanna, mhéideanna, chumraíochtaí, agus airíonna sna dordáin. Go stairiúil, b'aerárthach cianphíolótaithe é an dordán, ach le déanaí bíonn móréilimh ann i gcomhair córais le smacht uathrialaitheach acu.

Forbraítear iad, den chuid is mó, le haghaidh feidhmeanna míleata agus oibriúcháin speisialta, ach freisin, úsáidtear líon beag ach i gcomhair feidhmeanna sibhialta, mar shampla póilíneacht agus smachtú dóiteáin, agus obair slándála neamhmhíleata, cosúil le faireachas píblínte. Is minic a roghnaítear AGFanna le haghaidh misin atá 'mar chúrsa gnáthaimh', 'ró-shalach', nó 'róchontúirteach'" le haghaidh aerárthaí le foireann.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar