Ionsaí dróin ar an gCreimlín


Ar 3 Bealtaine 2023, bhí iarracht déanta Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, a mharú le dróin sa Chreimil, de réir áisíneacht nuachta sa Rúis. Níor gortaíodh aon duine agus ní dhearnadh aon damáiste sa Chreimil.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí dróin ar an gCreimlín
Íomhá
Map
 55°45′12″N 37°37′09″E / 55.7532°N 37.6192°E / 55.7532; 37.6192
Cineálionsaí dróin
pléascadh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deattacks in Russia during the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana3 Bealtaine 2023 (02:27, 02:43. UTC+03:00) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Chreimil, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata, Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocKremlin Senate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ArmAerfheithicil gan foireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir

Ní raibh sé soiléir cé a bhí freagrach as an ruathar drón. Mar bheart díoltais, maraíodh 23 duine ar a laghad in ionsaí diúracán srl de chuid na Rúise ar chathair Kherson an lá dár gcionn.[1]

Imeachtaí cuir in eagar

Deir na Rúisigh gur éirigh leo an dá dhrón a chur ó mhaith go leictreonach sular bhain siad sprioc amach.. Thit píosaí den dá dhrón ar an talamh sa Chreimil. Bhí Putin ag obair in áras cónaithe eile dá chuid taobh amuigh de Mhoscó.[2]

Freagracht agus díoltas cuir in eagar

Bhí sé á mhaíomh ag an Rúis go ndearna an Úcráin iarracht Putin a mharú. Dúradh gur ionsaí sceimhlitheoireachta réamhbheartaithe a bhí ann agus gur d'aon ghnó a rinneadh é seachtain roimh Pharáid na Bealtaine i Moscó.[3] De ghnáth tarlaíonn Paráid na Bealtaine sa Rúis ag an am sin den bhliain, ach chuir Putin go leor paráidí ar ceal i mbliana.[4]

Ach bhí sé á mhaíomh ag na hÚcránaigh nach raibh aon bhaint acusan le haon ionsaí ar an gCreimil. Dúirt an tUachtarán Zelensky nach raibh siad ag troid in éadan na Rúiseach ach amháin ar fhód na hÚcráine. Bhí sé á mhaíomh ag cúpla saineolaí gurb iad na Rúisigh féin a d'eagraigh an t-ionsaí chun an aird a bhaint den chogadh agus den easpa ratha ag an am.[4]

Tugadh le fios sa ráiteas Rúiseach go gcoimeádfadh na Rúisigh an ceart acu féin díoltas a imirt ar na hÚcránaigh as an bhfeall.[2] Rinneadh ionsaithe ar an Úcráin an lá dár gcionn.[5] Scaoil fórsaí Rúiseacha mórshailbhe diúracán le cathracha san Úcráin i gcaitheamh na hoíche, an phríomhchathair Cív ina measc.

Dar leis na húdaráis san Úcráin gur scaoileadh 24 drón le hionaid éagsúla sa tír ach gur cuireadh ocht gcinn déag díobh go talamh sular bhain siad sprioc amach. Tuairiscíodh gur maraíodh 23 duine ar a laghad mar gheall ar ionsaí diúracán ar chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine.[6][1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Death toll from Russian attacks rises to 23, three-day mourning period and curfew in region" (en-US). Yahoo News. Dáta rochtana: 2023-05-05.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-05-03). ""Iarracht déanta Vladimir Putin a mharú le dróin sa Chreimil"" (as ga-IE). 
  3. Raidió na Gaeltachta (3 Bealtaaine 2023). "Tús Áite: Ionsaí Dróin ar an gCreimlín" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 Conradh na Gaeilge, Londain (6 Bealtaine 2023). "Corónú". Dáta rochtana: 2023.
  5. "Russia launches largest attack on Ukraine this year, but no significant damage" (en-US). Yahoo News. Dáta rochtana: 2023-05-04.
  6. Nuacht RTÉ (2023-05-04). "Dróin 'kamikaze' scaoilte le cathracha san Úcráin" (as ga-IE).