An Chreimil
Is í an Chreimil an daingean istigh i Moscó, ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na Rúise. Is éard is bunús leis an bhfocal sin ná Кремль ("Kreml'") na Rúisise, a chiallaíonn "dúnfort", go háirithe dúnfort i gcroílár na cathrach. Bíonn "creimileanna", nó dúnfoirt den chineál seo, i seanchathracha Rúiseacha eile freisin, ach is í an Chreimil i Moscó an ceann a aithníonn na daoine lasmuigh den Rúis.
An Chreimil | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (ru) Московский Кремль | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Creimil, ceantar stairiúil, díol spéise do thurasóirí, foirgneamh rialtais, áras oifigiúil agus díol suntais ailtireachta | |||
Cuid de | An Chreimil agus an Chearnóg Dhearg | |||
Ailtire | Aristotile Fioravanti Palace of Facets (en) Aloisio da Milano Pietro Antonio Solari | |||
Foirgníocht | 1420 | |||
Úsáid | áras oifigiúil | |||
Croineolaíocht | ||||
ionsaí dróin ar an gCreimlín, 2023 | ||||
Tréith | ||||
Achar dromchla | 27.5 ha | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Moscó, An Rúis agus Tverskoy District, An Rúis (en) | |||
Suíomh | Кремль | |||
| ||||
Codanna | Tsarskaya Tower (en) | |||
Cuid de Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO | ||||
Am | 1990 (14ú Seisiún) | |||
Federal cultural heritage site in Russia (en) | ||||
Federal cultural heritage site in Russia (en) | ||||
Tsarskaya Tower | ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | kreml.ru | |||
Stair
cuir in eagarLuadh an Chreimil i Moscó an chéad uair riamh i gcáipéis ón mbliain 1331. Roimhe sin, bhain na scríbhneoirí úsáid as an bhfocal grad - focal ón tSean-Slaivis Eaglasta a chiallaíonn "cathair", cosúil le "gorod" na Rúisise. Bhí dúnfort de chineál éigin ansin sa dóú haois déag, ar a laghad.
Tá a fhios againn gur dhaingnigh agus gur fhairsingigh an Prionsa Yuri Dolgorukiy (nó "Seoirse Lámhfhada") an grad go mór sa bhliain 1156. D'ionsaigh na Mongólaigh Moscó sa bhliain 1237, agus chuir siad an dúnfort trí thine.
San am sin, bhí na Rúisigh i dtuilleamaí adhmaid le tithe a thógáil, agus mar sin, bhí sé furasta an Chreimil a dhó.
hAtógadh an Chreimil in athuair sa bhliain 1339, as dair.
Ba é Ivan Kalita ("Eoin an Spliúcháin"), prionsa Mhoscó, a thóg na chéad fhoirgnimh chloiche sa Chreimil sna 1320idí agus sna 1330idí.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |