Aided Cheltchair maic Uthechair

Scéal de chuid na Rúraíochta i Miotaseolaíocht na nGael is ea Anbhás Chealtchair mhic Uitheachair (Sean-Ghaeilge Aided Cheltchair maic Uthechair). Caomhnaítear blúirín de sa Leabhar Laighneach agus an téacs iomlán i lámhscríbhinn den 16ú haois.

Achoimre cuir in eagar

Toisc gur mharaigh Cealtchar an brughaidh saibhir Blaí Briugu le linn achrainn, bhí air mar éiric an ruaig a chur ar trí bhagairt as cúige Uladh.

Ba é an chéad bhagairt Conganchnes mac Dedad, a bhí i mbun díoltas a bhaint ar son dúnmharú a nia Cú Raoi. Bhí craiceann fadharcánach aige, nárbh fhéidir arm ar bith polladh. Mhol Cealtchar a iníon Niamh dó chun pósadh, agus dá bharr, fuair sí amach go marófaí Conganchnes ach d'ingne dearg-the lasta isteach i mboinn a chos. Thug sí an t-eolas seo dá hathair, a rinne mar ba ghá.

Ba é an dara bagairt ná cú fíochmhar darbh ainm Luch Donn. D'aimsigh baintreach é ina choileán, agus thóg sí é ina chú ollmhór agus dosmachtaithe. Mharaigh sé caoirigh na baintrí, ansin a mic, ansin an bhaintreach féin. Ansin, chuaigh i mbun lonnaíocht a scriosadh gach oíche. D'aimsigh Cealtchar lomán fearna, tholl amach é go ndeachnaigh a lámh tríd, agus bheirigh sé é le mil, gréisc agus luibheanna, go dtí go raibh sé righin agus solúbtha. Tháinig sé i ngiorracht an chú leis an lomán thar a láimh, agus ghabh fiacla an chú ann á bhaint. Bhí Cealtchar in ann ansin a chroí a tharraingt amach tríd a bhéal, á mharú.

Ba é an tríú bagairt ná Dóelchú, madra Chealtchair féin. D'aimsíodh é mar choileán laistigh uaigh Chonganchnes,[1] bliain tar éis a bháis. Ní ligeadh an cú ach Cealtchar é a láimhseáil, ach lá amháin d'éiligh sé agus as sin amach, bhagraíodh sé ba agus caoirigh na nUladh. Chuaigh Celtchar ar thóir an mhadra agus ghlaoigh sé air. Tháinig sé chuige agus leadhb a chosa. In aghaidh a thola, mharaigh Celtchar é lean shleá. Agus an sleá á ardú aige, rith braon d'fhuil nimhiúil an mhadra síos agus trí chorp Chealtchair, á mharú.[2][3]

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. tugadh cú amháin do Mhac Dathó aus Laighin (féach Scéal Muc Mhic Dhathó) agus cú eile don ghabha, Culann (féach Macgnímrada Con Culainn.
  2. Aided Cheltchair meic Uthechair, eag. agus aistr. le Kuno Meyer, "The Death of Celtchar mac Uthechair", The Death Tales of the Ulster Heroes, Todd Lecture Series. Baile Átha Cliath, 1906: ll. 24-31
  3. Kuno Meyer: Aided Cheltchair meic Uthechair, ll. 24–31.