Aimoin de Fleury
Manach agus croiniceoir Francach ab ea Aimoin de Fleury (Laidin: Aimoinus (Annonius; Aemonius) Floriacensis; c. 960 – c. 1010). Rugadh i Villefranche-de-Longchat in iardheisceart na Fraince é thart ar 960. Go luath ina shaol, chuaigh sé isteach i mainistir Fleury, áit ar chaith sé an chuid ba mhó dá shaol mar mhanach. Idir c. 980 agus 985 scríobh Aimoin faoi San Beinidict i Mainistir Fleury-sur-Loire.[1] Is é Historia Francorum, nó Libri V. de Gestis Francorum, a phríomhshaothar, leabhar a phléann le stair na bhFranc ó thosach aimsire go 653, agus ar lean scríbhneoirí eile ag obair air go dtí lár an dara haois déag. Bhí an leabhar go mór san fhaisean le linn na Meánaoiseanna, ach ní chuirtear mórán muiníne ann mar fhoinse staire sa lá atá inniu ann. Chuir G. Waitz in eagar é agus foilsíodh é in Monumenta Germaniae Historica: Scriptores, Band xxvi (Hanover agus Beirlín, 1826–1892).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 960í Villefranche-de-Lonchat |
Bás | 1010í 40/59 bliana d'aois Mainistir Fleury |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Staireolaíocht, filíocht agus diagacht |
Gairm | manach, croiniceoir, file, staraí, scríbhneoir, diagaire |
Mac/iníon léinn de chuid | Abbon de Fleury |
Teangacha | Laidin na meánaoise, Sean-Fhraincis, an Laidin agus an Fhraincis |
Ord crábhaidh | Beinidictigh |
Sa bhliain 1004, scríobh sé Vita Abbonis, abbatis Floriacensis, an leabhar deireanach i sraith beathaisnéisí ar abaí Fleury. Seachas beatha Abbo, tá siad go léir caillte anois. D'fhoilsigh J. Mabillon beatha Abbo in Acta sanctorum ordinis sancti Benedicti (Páras, 1668–1701).
An tríú saothar a chuir Aimoin i gcrích ná leabhair ii agus iii den Miracula sancti Benedicti. Scríobh manach eile de chuid Fleury, fear darbh ainm Adrevald (c. 818 – 878), an chéad leabhar. Tá an saothar seo ar fáil san Acta sanctorum freisin.