Aindrias Ó Gallchóir

ceannasaí ar Raidió na Gaeltachta as Gaoth Dobhair ó dhúchas

Ceannasaí ar Raidió na Gaeltachta agus leascheannasaí ar Theilfís RTÉ a bhí in Aindrias Ó Gallchóir. D'oibrigh sé in RTÉ ó 1957 go 1989. Cailleadh é sa bhliain 2011.

Infotaula de personaAindrias Ó Gallchóir
Beathaisnéis
Bás2011
Gníomhaíocht
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh agus tógadh Aindreas i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Bhí sé pósta ar Mháire agus bhí triúr claine orthu; Bríd, Clíona agus Aindreas.

Bhuaigh sé Gradam Jacob as a chlár faisnéise teilifíse 'On Behalf of the Provisional Government' sa bhliain 1966. Tá sé le clos agus é ag cur agallamh ar Mháirtín Ó Cadhain ar an gceirnín Máirtín Ó Cadhain (ceirnín).