Ainmean-Àite na h-Alba

comhpháirtíocht chomhairleach náisiúnta ar logainmneacha i nGaeilge na hAlban

Is é Ainmean-Àite na h-Alba (nó AÀA ) an chomhpháirtíocht chomhairleach náisiúnta ar logainmneacha Gaelacha na hAlban. Is é an príomhchuspóir atá leis ná na leaganacha cearta de logainmneacha na hAlban a cheadú le haghaidh léarscáileanna, fógraí agus úsáid ghinearálta. [1]

Bosca Sonraí EagraíochtaAinmean-Àite na h-Alba
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Faoi Ainmean-Àite na h-Alba

cuir in eagar

Is é AÀA an chomhpháirtíocht chomhairleach náisiúnta do logainmneacha Gaelacha in Albain. Mar chuid dá shainchúram, baintear úsáid as eolas áitiúil, saineolas stairiúil agus prionsabail sheanbhunaithe chun foirmeacha cuí de logainmneacha Gaelacha a mholadh le haghaidh úsáidí mar chomharthaíocht, léarscáileanna agus ábhar foilsithe eile. Leantar cleachtais sheanbhunaithe litrithe, leithéidí 'Gnàthachas Litreachadh na Gàidhlig' agus an treoir atá ullmhaithe acu ar ainmean-àite Gàidhlig (logainmneacha i nGaeilge na hAlban).[2]

Suirbhéireacht Ordanáis agus Gaeilge na hAlban

cuir in eagar

Tá an Chomhpháirtíocht ag obair leis an Suirbhéireacht Ordanáis, comhairlí áitiúla, údaráis bhóithre agus comhlachtaí poiblí ó 2000, ag soláthar logainmneacha Gaelacha do léarscáileanna agus comharthaí. Tá clár náisiúnta d'ainmneacha Gaelacha á bhunú ag an gComhpháirtíocht mar a fógraíodh i bPlana Nàiseanta na Gàidhlig, chun eolas iontaofa ar logainmneacha Gaelacha a chur in iúl [3]

  1. https://web.archive.org/web/20121027015752/http://www.smo.uhi.ac.uk/gd/rannsachadh/ainmean-ite-na-h-alba Sabhal Mòr Ostaig, Ainmean-Àite na h-Alba
  2. https://web.archive.org/web/20121027015752/http://www.smo.uhi.ac.uk/gd/rannsachadh/ainmean-ite-na-h-alba ibid
  3. https://web.archive.org/web/20121027015752/http://www.smo.uhi.ac.uk/gd/rannsachadh/ainmean-ite-na-h-alba ibid

Naisc sheachtracha

cuir in eagar