Ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCF)

(Athsheolta ó Ainmníocht IUPAC)

Is é Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCFIUPAC sa Bhéarla) an t-údarás a aithnítear ar fud an domhain ar ainmníocht agus théarmaíocht cheimiceach, agus glacann dhá chomhlacht de chuid an AIGCF róil cheannródaíocha sa ghníomhaíocht seo: 'Rannán VIII - Ainmníocht agus Léiriúchán Struchtúr Ceimiceach agus an Coiste Idir-rannach um Théarmaíocht, Ainmníocht agus Siombailí (Béarla: Division VIII – Chemical Nomenclature and Structure Representation and the Inter-divisional Committee on Terminology, Nomenclature, and Symbols.). Mar cheann dá phríomhghníomhaíochtaí, forbraíonn AIGCF Moltaí (Béarla:Recommendations) chun ainmníocht agus téarmaíocht gan athbhrí, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a bhunú do réimsí eolaíochta ar leith, a chuirtear i láthair de ghnáth mar: gluaiseanna téarmaí do dhisciplíní cheimiceacha ar leith; sainmhínithe ar théarmaí a bhaineann le grúpa airíonna; ainmníocht comhdhúile ceimiceacha agus a n-aicmí; téarmaí, siombailí, agus aonaid i réimse ar leith; aicmiúcháin agus úsáid téarmaí i réimse ar leith; agus coinbhinsiúin agus caighdeáin chleachtais chun sonraí a chur i láthair i réimse ar leith. Foilsítear 'Na Moltaí' san iris Pure and Applied Chemistry (PAC), Pure and Applied Chemistry (PAC) agus tá eagráin na hirise ar fáil go saor sa bhliain tar éis a bhfoilsithe. Bíonn siad le feiceáil freisin i mbunachar sonraí IUPAC Standards Online bliain tar éis a bhfoilsithe i PAC. Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi théarmaíocht cheimiceach freisin tríd na IUPAC Color Books.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar