Modh traidisiúnta curaíochta is ea an t-ainneor[1] (nó iomaire, nó iompú), ina dtochailtear iomairí agus claisí comhthreomhara le spád, suas le 2.5 méadar ar leithead, agus cainéil chúnga draenála eatarthu. Bhí an modh curaíochta seo in úsáid i ndeisceart na Breataine ón tréimhse iar-Rómhánach go dtí an tréimhse iar-mheánaoise, agus i gcuid mhaith d'Éirinn agus d'Albain go dtí an 19ú haois.

Ainneor

Cé go bhfuil sé imithe i léig den chuid is mó, tá sé fós le fáil sna hInse Gall agus in áiteanna in iarthar na hÉireann. Sna háiteanna seo, is é an modh a úsáidtear de ghnáth ná fóid mhóna a ardú agus leasachán feamainne díshalannaithe a úsáid chun an talamh a fheabhsú. Is minic a saothraíodh prátaí sa chaoi seo sna réigiúin seo, go dtí gur tharla an Gorta Mór sa Ghàidhealtachd agus in Éirinn mar gheall ar an dúchan prátaí Phytophthora infestans.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ainneor” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-26.