Cleachtas coitianta de chuid na nGael nuair a thugtaí cuairt ar chairde agus ar chomharsanaigh ar mhaithe leis an oíche a chur isteach is ea airneál (nó airneán, nó bothántaíocht uaireanta). Ba mhinic amhránaíocht, scéalaíocht, filíocht agus ceol ag gabháil i rith an airneáil.

Tháinig meath ar an chleachtas seo le teacht an raidió, na teilifíse agus, leoga, an idirlín.

Go fóill féin, bíonn daoine ag reáchtáil oícheanta airneáil ina gcuide tithe féin agus, in amanna, go poiblí, ar mhaithe leis spás a chruthú fá choinne chleachtas na n-ealaíon dúchasach.