Aisling Judge

eolaí Éireannach

 Is eolaí Éireannach ó gCionn tSáile, Contae Chorcaí í Aisling Judge. Bhuaigh sí an 42ú Taispeántas an Eolaí Óig san RDS ar an 13ú Eanáir 2006 nuair a bhí sí ceithre bliana déag d'aois. Bhí sí an buaiteoir is óige i stair an chomórtais, go dtí gur bhuaigh Emer Jones as Trá Lí i gContae Chiarraí é dhá bhliain ina dhiaidh sin agus í trí bhliain déag d'aois.[1][2] Bhuaigh Judge an tríú háit sa 18ú 'European Union Contest for Young Scientists.

Infotaula de personaAisling Judge

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1991
32/33 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPobalscoil Chionn tSáile Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCionn tSáile
Gníomhaíocht
Gairmeolaí bia Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinaislingjudge.com Cuir in eagar ar Wikidata

Ba mhac léinn sa dara bhliain ag Kinsale Community School i gCionn tSáile í Judge nuair a bhuaigh sí an gradam.[1] Ba é an tionscadal a bhí i gceist ná gléas a léiríonn nuair atá bia réamhphacáistithe imithe as dáta.[3] Cuirtear "The development and evaluation of a biological food spoilage indicator" air.[4] Dúirt na breithiúna gur bhain a cuid oibre úsáid as "a highly innovative and creative use of experimental biology" agus go raibh sé "very impressive" agus gur "novel use of technology" é.

B'aoi Judge ar an gclár teilifíse páistí Dustin's Daily News sa bhliain 2007 chun plé a dhéanamh ar an CD a chruthaigh sí chun cabhair a thabhairt le mic léinn eolaíochta athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid scrúduithe.[5] D'éirigh léi an tríú háit a bhuachaint sa 18ú European Union Contest for Young Scientists a bhí ar siúl sa tSualainn.[4]

Bhí Judge mar dhalta sa chéad scoil sa tír a raibh níos mó ná buaiteoir Taispeántas an Eolaí Óig amháin ag freastal air ag an am céanna i 2009 nuair a bhuaigh a gcomh-mhic léinn Liam McCarthy agus John D. O ' Callaghan an gradam céanna ag an am céanna nuair a bhí sí fós ina mac léinn ann.[6] Dúirt McCarthy agus O'Callaghan, go raibh rath Judge mar thionchar acu páirt a glacadh sa chomórtas agus an bua a fháil.[7]

Bhain Judge céim bhaitsiléara amach san innealtóireacht cheimice ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus céim mháistreachta san innealtóireachta bithcheimice ag Coláiste na hOllscoile, Londain.[8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Youngest ever winner of Scientist competition" (en). RTE.ie (2006-01-14). Dáta rochtana: 2018-09-26.
  2. "Gravity-defying motorcyclists give young scientists a touch of vroom" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-09-26.
  3. "Milk project wins school its second scientist gong" (2009-01-10). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-04-24. Dáta rochtana: 2018-09-26.
  4. 4.0 4.1 "Aisling's winner is a fresh idea for spoiled food" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-09-26.
  5. "RTÉ Two: DDN" (2008-05-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-06. Dáta rochtana: 2018-09-26.
  6. "The Southern Star Newspaper - Co Cork, Ireland" (2011-07-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-21. Dáta rochtana: 2018-09-26.
  7. "Cream of the crop - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-09-26.
  8. Claire O’Connell (2015-01-16). "From Dublin's RDS to the world - Aisling Judge on being a young scientist - Portfolio | siliconrepublic.com - Ireland's Technology News Service" (en-GB). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2018-09-26.