Aislinge Óenguso
Sa Rúraíocht, is réamhscéal don Táin Bó Cuailnge é Aisling Aonghasa (Sean-Ghaeilge Aislinge Óenguso). Caomhnaítear é in aon lámhscríbhinn amháin den 15ú haois.
Achoimre
cuir in eagarBhí taibhreamh ag Aonghas, mac Daghdha agus Bóinne, inar chonaic sé spéirbhean. Badhbh na dTuath Dé de chúige Mumhan, agus Ailill mac Máta agus Méabh de chúige Connacht le chéile, chabhraigh siad leis í a aimsiú. Ba í a ghrá chroí ná Caor Iúrmheatha, iníon Eathail Anbhuail as sidhe Uamhan i gConnacht. Ar gach re Samhain, chonacthas Caor agus 150 lucht leanúna i riocht ealaí ar loch in Éirinn. D'athraigh Aonghas é féin ina eala agus bhuail sé lena stór. D'eitil siad beirt chuig sidhe Aonghasa ag Brú na Bóinne, agus d'iompaigh ar ais i riocht daoine daonna. As sin amach, gach re Samhain, ó oíche go ló, rachaidís amach i riocht ealaí. Mar bhuíochas, sholáthair Aonghas do Mhéabh 300 gaiscíoch do chogadh na gConnacht in éadan na nUladh.[1][2]
Foinsí
cuir in eagar- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (= Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachracha
cuir in eagar- Aislinge Óenguso ar CODECS
- Aislinge Óenguso ar Irish Sagas Online
- Sean-Ghaeilge Aislingi Oengusai ar Thesaurus Linguae Hibernicae
- Sean-Ghaeilge-Ghaeilge Aislinge Óenguso, ar CELT
- Aistriúchán Nua-Ghaeilge Aisling Aonghasa le hAlan mac an Bhaird, ar CELT
- Aistriúchán Gearmáinis Das Traumgesicht von Óengus le Markus Osterrieder, ar CeltoSlavica
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. lch. 675 ff.
- ↑ Aisling Aonghasa, Alan mac an Bhaird, CELT