Alasdair mac Mhaighstir Alasdair

Rugadh Alasdair mac Mhaighstir Alasdair, nó Alasdair MacDhòmhnaill (c. 1690 - c. 1770), in Àird nam Murchan, áit ina raibh a athair ina mhinistir. Ba as Uibhist Theas an teaghlach agus bhí naisc láidre acu le Clann Raghnaill.

Reilig in Àrasaig, áit ar adhlacadh Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair
Infotaula de personaAlasdair mac Mhaighstir Alasdair
Beathaisnéis
Breith1698
Àird nam Murchan, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1770
71/72 bliana d'aois
Àrasaig, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann
Ollscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine mhalartach
Gairmfoclóirí, scríbhneoir, dialannaí, teangeolaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
Teaghlach
PáisteRaghnall Dubh Cuir in eagar ar Wikidata

Scéal beatha cuir in eagar

De réir béaloidis, is óna athair a fuair Alasdair a chuid oideachais sa chéad dul síos agus ansin chuaigh sé go dtí Ollscoil Ghlaschú, cé nach bhfuil seo dearbhaithe i gcáipéisí na hOllscoile. Tá béaloideas ann freisin ag maíomh nár bhain sé céim amach i ndeireadh an lae ach gur fhág sé an ollscoil chun Síne Dhòmhnallach as Gleann Eite a phósadh. Rugadh a mhac, Raghnall Dubh, i 1728.[1] Nuair a nocht sé arís i dtaifid scríofa, i 1729, is mar mhúinteoir agus caiticeasmóir ag an SSPCK (Scottish Society for the Propagation of Christian Knowledge) a bhí sé ag obair, in Oileán Fhìonain, i ngar don áit ina bhfuil An Gearasdan inniu.

I 1738, bhí Alasdair ag múineadh i gCille Chòmhain agus i 1739 i gCoire Mhuilinn, áit ar scríobh sé dán cáiliúil dá chuid, 'Allt an t-Siùcair'. I 1741, d'fhoilsigh sé foclóir Gàidhlig, an chéad leabhar priontáilte a foilsíodh i nGaeilge na hAlban riamh.

Bliain Shéarlais cuir in eagar

I 1745, thug Alasdair a chúl le teagasc agus rinne sé ar Gleann Fhionghain an áit inar chuir Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart a bhratach in airde. Is faoin am sin nó beagán roimhe sin a d'iompaigh Alasdair le hEaglais na Róimhe agus chuaigh sé le harm an Phrionsa mar oifigeach i reisimint Raghnaill Óig, Mac Mhic Ailein. Rinne sé an-chuid amhrán spreagtha Seacaibíteach faoin am seo, leithéid 'Òran nam Fineachan' (Amhrán na bhFinte), 'Brosnachadh nam Fineachan' (Spreagadh na bhFinte), 'Òran don Phrionnsa Teàrlach' (Amhrán don Phrionsa Séarlas), agus 'Clò Mhic 'Ille Mhìcheil', chomh maith le haoir ar thacadóirí na Ríthe Hanófaracha. Tá daoine ann a chreideann gurb eisean a scríobh tráchtas i mBéarla a foilsíodh gan ainm go gairid i ndiaidh Chath Chùil Lodair ag insint scéil Bhliain Shéarlais trí shúile 'Oifigigh Ghaelacha' in arm an Phrionsa.

Tar éis Chath Chúil Lodair, bhí Alasdair agus a bhean eisreachtaithe; tá béaloideas ag insint go raibh Síne ag iompar ag an am. Faoi dheireadh, fuair Alasdair seilbh ar fheirm ag Eigneig i Mùideart agus rinneadh báille de ar Oileán Chanaigh, a bhí ina pháirt d'oidhreacht Chlann Raghnaill freisin.

D'fhoilsigh Alasdair a fhilíocht faoin teideal Aiseirigh na Seann Chanoin Albannaich (Aiséirí na Seanteanga Albanaigh) i 1751. Bhí go leor stíleanna éagsúla ar a chumas, ó amhráin ghrá ar nós 'Moladh Mòraig' go filíocht chruinn faoin nádúr ar nós 'An Samhradh' agus 'An Geamhradh'. Scríobh sé aoir ghairid ghéar gach pioc chomh maith le dánta móra gaisciúla ar nós 'Bìrlinn Chlann Raghnaill'.

Fuair Alasdair bás i Sanndaig in Àrasaig agus cuireadh i seanreilig Chille Mhuire é ansin.

Filíocht cuir in eagar

  • 'Bìrlinn Chlann Raghnaill': sliocht in 'An Lasair' 202-217
  • 'Cuachag an Fhàsaich'
  • 'Guidhe no Ùrnaigh an Ùghdair do 'n Cheòlraidh'
  • 'Marbhrann do Pheata Coluim'
  • 'Moladh an Leòghainn'
  • 'Moladh an Ùghdair don t-Seann Chànain Ghàidhlig'
  • 'Moladh Mòraig': sliocht in 'An Lasair', lgh. 126-33
  • 'Acarsaid nan Con ’s nan Gillean': An Lasair, lgh. 190-1
  • 'An Litir gun Chéir Oirr’: An Lasair, lgh. 162-3

Filíocht nádúrtha cuir in eagar

  • 'Allt an t-Siùcair'
  • 'Òran a' Gheamhraidh'
  • 'Òran an t-Samhraidh'

Spreagadh na Seacaibíteach cuir in eagar

  • 'Brosnachadh nam Fineachan'
  • 'Clò Mhic 'Ille Mhìcheil'
  • 'Òran don Phrionnsa Teàrlach ('O hi ri rì, tha e tighinn')
  • 'Òran mu Bhliadhna Theàrlaich'
  • 'Òran nam Fineachan Gàidhealach'

Aoir cuir in eagar

  • 'Aoir do na Caimbeulaich'
  • 'An Airce'
  • 'Mì-mholadh Mòraig'

Scríbhinní faoi cuir in eagar

Tá cuntas ar bheatha Alasdair ina óige le fáil i leabhar le Raghnall MacIlleDhuibh Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair: The Ardnamurchan Years (Coll, 1986). Tá faisnéis faoina chuid filíochta in An Introduction to Gaelic Poetry le Ruaraidh MacThòmais (Dún Éideann, 1990) agus in Gaelic Poetry in the Eighteenth Century, leis an údar céanna (Obar Dheathain, 1993). Tá an chuid is mó dá fhilíocht cruinnithe in The Poems of Alexander MacDonald, curtha in eagar ag MacDhòmhnaill agus MacDhòmhnaill (Inbhir Nis, 1924).

Tagairtí cuir in eagar

  • Campbell, John Lorne. 'Alasdair mac Mhaighstir Alasdair: portrait of a traditionalist', Scots Magazine October 1935, dd. 61-76.
  • Black, Ronald. Mac Mhaighstir Alasdair: The Ardnamurchan Years Coll: Society of West Highland & Island Historical Research, 1986.
  • Black, R. (deas.) 2001. An Lasair: An Anthology of Eighteenth-century Gaelic Verse (Edinburgh: Birlinn)
  • Thomson, Derick S. Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair: His Political Poetry. 1989.
  • Thomson, Derick S. (deas.) Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair: Selected Poems Edinburgh: Scottish Gaelic Texts Society, 1996.
  • Dressler, Camille & D. W. Stiùbhart (deas.). Alexander MacDonald: Bard of the Gaelic Enlightenment / Alasdair Mac Mhaighstir Alasdair: Bàrd an t-Soillearachaidh Ghàidhealach Kershader, Isle of Lewis: Islands Book Trust, 2012. ISBN 978-1-907443-04-6
  • Sorensen, Janet. 'Scripting Identity? English language and literacy instruction in the Highlands and the strange case of Alexander MacDonald' ann an The Grammar of Empire in Eighteenth-Century British Writing, Cambridge: CUP, 2000.

Naisc sheachtracha cuir in eagar