Bealaí chun cóireáil ar ghalair nach bhfuil faofa ag eolaíocht na míochaine. Tugtar míochaine chomhlántach uirthi freisin. Nuair nach bhfaigheann daoine faoiseamh ó chóireáil le gnáthleigheas, uaireanta cuardaíonn siad faoiseamh eile. Bíodh is go bhfuil na céadta bealaí malartacha bunaithe ar choincheapa éagsúla maidir le nádúr na ngalar, níl aon chruthú iontaofa go bhfuil siad éifeachtach chun galair a leigheas.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.