Aldo Moro
Ba é Aldo Moro Iar-Phríomh-Aire na Iodáile (Presidente del Consiglio dei ministri della Repubblica Italiana).
Aldo Moro | |
![]() | |
Uachtarán Chomhairle na nAirí
Presidente del Consiglio dei ministri della Repubblica Italiana | |
In oifig 23 Samhain 1974 – 29 Iúil 1976 | |
Réamhtheachtaí: | Mariano Rumor |
Comharba: | Giulio Andreotti |
In oifig 4 Nollaig 1963 – 24 Meitheamh 1968 | |
Réamhtheachtaí: | Giovanni Leone |
Comharba: | Giovanni Leone |
Dáta breithe | 23 Meán Fómhair 1916 |
Áit bhreithe | An Róimh, An Iodáil |
Páirtí | Democrazia Cristiana |
Céile | Eleonora Chiavarelli |
SaolCuir in Eagar
Céimí sa dlí de chuid Ollscoil Bari (a thugtar Università degli Studi di Bari Aldo Moro uirthi faoi láthair) ab ea Moro.[1] Bhí sé ina Ollamh le Dlí Coiriúil ann ó thús na 1950idí go dtí gur aistrigh sé go ollúnacht i nDámh na hEolaíochta Polaitiúla in Ollscoil Róimh Sapienza (Sapienza Università di Roma) sa bhliain 1963. Lean sé air ag foilsiú neart saothar maidir leis fealsúnacht an dlí agus fealsúnacht na polaitíochta i gcaitheamh a shaoil sa pholaitíocht.
Rinneadh Leas-Uachtarán na nDaonlathaithe Críostaí de sa bhliain 1946 agus toghadh chun an Tionóil Bhunreachta sa bhliain chéanna. Bhí sé ina bhall de Theach na dTeachtaí, ar son Bari, ó 1948 go dtí go bhfuair sé bás.
Bhí roinnt cúraimí aire tábhachtacha ag Moro (Dlí agus Cirt, 1955-57; Oideachais Phoiblí, 1957-59; Gnóthaí Eachtracha, 1964-65, 1965-66, 1969-72, 1973-74).
Bhí Moro ina Phríomh-Aire faoi dhó (1963-68 agus 1974-76). Lena linn bhí sé i measc na bpolaiteoirí ba mhó a raibh gnaoi na ndaoine orthu agus bhí páirt lárnach aige sa "comhréiteach stairiúil" idir na Daonlathaithe Críostaí, na páirtithe ar chlé ón lár agus Páirtí Cumannach na hIodáile.
FeallmharúCuir in Eagar
Ar an 16 Márta 1978 , d'fhuadaigh na Briogáidí Dearga (Brigate rosse) Aldo Moro. Mharaigh na sceimhlitheoirí cúig gharda cosanta san iarracht.
Maraíodh é cúig lá is caoga ina dhiaidh sin; ar an 9 Bealtaine 1978, fuarthas corp Aldo Moro i ngluaisteán Renault 4 sa Róimh. Tá na tosca a bhain lena bhás conspóideach fós.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |