Alison Croggon
File Astrálach, drámadóir, úrscéalaí fantaisíochta agus leabhrógaí is ea Alison Croggon (rugadh 1962).[1]
(2019) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1962 61/62 bliana d'aois Cúige Transvaal |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht |
Gairm | file, leabhrógaí, úrscéalaí, scríbhneoir |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | alisoncroggon.com |
Beatha agus saothar
cuir in eagarRugadh Croggon i gCúige an Transvaal san Afraic Theas, agus d’aistrigh an teaghlach go Sasana roimh dóibh cur fúthu san Astráil, in Ballarat ar dtús agus ansin in Melbourne. Bhíodh Croggon ag obair mar iriseoir ag an Sydney Morning Herald.
Bhain an chéad chnuasach dánta aici, This is the Stone, Duais Anne Elder agus Duais Mary Gilmore. Thug breithiúna Dhuais Liteartha The Australian/Vogel moladh dá nóibhille Navigatio in 1995, agus foilsíodh ceithre úrscéal léi sa tsraith fantaisíochta Pellinor.
Tá sí ina heagarthóir ar an iris ar líne Masthead agus scríobhann sí léirmheasanna drámaíochta.
Tá leabhróga scríofa aici do cheoldrámaí le Michael Smetanin, Gauguin: A Synthetic Life agus The Burrow, saothair a léirigh Chamber Made den chéad uair ag an 2000 Melbourne Festival agus ag an Perth Festival faoi seach.[2] Scríobh sí leabhróg do cheoldráma le Iain Grandage, The Riders, agus í bunaithe ar úrscéal le Tim Winton, saothar a léiríodh in Melbourne in 2014.
Chuir na cumadóirí Michael Smetanin, Christine McCombe, Margaret Legge-Wilkinson agus Andrée Greenwell ceol le dánta léi. Léirigh an Melbourne Festival, The Red Shed Company (Adelaide) agus an ABC Radio drámaí léi.
Tá sí ina cónaí in Melbourne lena fear céile Daniel Keene, drámadóir, agus triúr clainne.
Sliocht
cuir in eagarSuch possessions as gore me pontificate from corners. |
An mhaoin a stiallann mé déanann sí fógairt ó chúinní. |
Saothair
cuir in eagarFilíocht
cuir in eagar- "This is the Stone" (1991). Penguin Books Australia.
- "The Blue Gate" (1997). Black Pepper Press.
- "Mnemosyne" (2001). Wild Honey Press.
- "Attempts at Being" (2002). Salt Publishing. sliocht
- "The Common Flesh: Poems 1980-2002" (2003). Arc.
- "November Burning" (2004). Vagabond.
- "Ash" (1999). Cusp Books.
- "New and Selected Poems 1991-2017" (2017). Newport Street Books.
- "Theatre" (1985). Salt Publishing.
Nóibhille
cuir in eagar- "Navigatio" (1996). Black Pepper.
Úrscéalta fantaisíochta
cuir in eagarThe Books of Pellinor
cuir in eagar- "The Gift" (2003). Penguin. (Published in the US as The Naming (Candlewick Press, ISBN 0-7636-2639-2)
- "The Riddle" (2004). Penguin.
- "The Crow" (2006). Penguin.
- "The Singing" (2008). Penguin.
- "The Bone Queen" (2016). Candlewick.
Úrscéal aonair
cuir in eagar- "Black Spring" (2012). Walter Books.
Leabhróga
cuir in eagar- (1995) The Burrow, ISBN 0-949697-25-7
- (2000) Gauguin (a synthetic life)
- (2014) The Riders
Nótaí
cuir in eagar- ↑ Biography Curtha i gcartlann 2020-01-28 ar an Wayback Machine (Suíomh an údair)
- ↑ "Artist Profile: Alison Croggon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 September 2007.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Theatre Notes Weblog
- Dánta taifeadta[nasc briste go buan] ag Poetry Archive
- Agallamh Curtha i gcartlann 2022-05-22 ar an Wayback Machine