Alison Spittle

fuirseoir, scríbhneoir, agus aisteoir Éireannach

Is fuirseoir, scríbhneoir grinn, léiritheoir raidió agus aisteoir Éireannach í Alison Spittle.[1] D'oibrigh sí do iRadio, RTÉ Raidió 1 agus Newstalk agus chruthaigh sí sceitsí do Republic of Telly. Bhí sí ina scríbhneoir agus príomhaisteoir do dhráma grinn suímh ag RTÉ Two Nowhere Fast i 2017.[2] Is í an t-óstach agus cruthaitheoir an podchraolta The Alison Spittle Show, atá á óstáil ag headstuff.org.[3][4][5][6]

Infotaula de personaAlison Spittle

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Meitheamh 1989
34 bliana d'aois
Harrow, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfuirseoir, ban-aisteoir, scríbhneoir scripte, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
GníomhaireIndividual Artist Management (en) Aistrigh

Suíomh gréasáinalisonspittle.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm6898547 Twitter: AlisonSpittle Instagram: alisonspittle Cuir in eagar ar Wikidata

Laethanta a hÓige cuir in eagar

Rugadh Spittle in Harrow, Londain. Ba thógálaí é a hathair. Bhog a teaghlach go dtí áiteanna eile go minic, Dresden sa Ghearmáin, áit dúchais a mháthair - Contae na hIarmhí, Bealach an Tirialaigh, agus an Muileann gCearr san áireamh. Faoi dheireadh, bhog siad go dtí an Bhaile Mhóir nuair a bhí sí 8 mbliana d'aois. D'fhreastail sí ar mheánscoil i mBaile Átha Luain.

Gairm cuir in eagar

 
Alison Spittle leis an TD Mary Lou McDonald ag an bhféile Pride i mBaile Átha Cliath, 2017

Bhain sé a céim amach ó choláiste i mBaile Átha Cliath, agus ansin bhog sí ar ais go dtí na hIarmhí, áit ar oibrigh sí mar thaighdeoir do iRadio leis an bhfear grinn Bernard O'Shea. Thosaigh sí ag obair mar fhuirseoir, ag tacaíocht PJ Gallagher. Mar thoradh ar sin, bhí sí ina rannpháirtí sna babhtaí Éireannaigh So You Think You're Funny, agus thuill sí spás sna babhtaí i nDún Éideann. Tugtar cuireadh di a bheith mar aoi ar an gcuid "Happy Hour" den John Murray Show ar RTÉ Radio 1 ón rath seo.

Bhí go leor seónna coiméide aici, Alison Spittle Needs an Agent, Alison Spittle Discovers Hawaii (2015), agus Worrier Princess (2017) ina measc.[7] D'oibrigh sí ag na Féilte Fringe in Dún Éideann agus i mBaile Átha Cliath, chomh maith leis an fhéile ceoil Forbidden Fruit, agus ag féilte ghrinn i gCorcaigh.[8][9]

Bhí Spittle mar scríbhneoir agus príomhaisteoir sceitsí ghréasáin RTÉ Two, agus mar aisteoir i sceitsí do Republic of Telly le Kevin McGahern. I 2014 ghlac Spittle páirt in eagrán píolótach den chlár RTÉ 2 Choose or Lose, seó painéal a bhí á óstáil ag Eoghan McDermott ó 2FM, le hiomaitheoirí Fred Cooke, Bryan Quinn, Keith Farnan, Aaron Heffernan agus Georgia Salpa.

Bhí sí ina rannpháirtí rialta ar The Right Hook le George Hook ar Newstalk.[10]

Nowhere Fast cuir in eagar

Príomhalt: Nowhere Fast

I 2017, scríobh sí agus a páirtí Simon Mulholland an dráma grinn suímh Nowhere Fast.[2][11] Ba é Simon Gibney stiúrthóir an tsraith. Sa seó feictear Angela (rinne Spittle páirt an charachtair seo) ag bogadh ar ais go dtí Ballybeag i lár na tíre, tar éis a post a chailleadh ar sheó raidió i mBaile Átha Cliath i ndiaidh cás clúmhillte a bhí i mbéal an phobail. Thosaigh an tsraith i Samhain 2017, agus glacadh go maith leis ag léirmheastóirí agus lucht féachana go forleathan.[11][12]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Westmeath Examiner - 'I don't want 9 to 5!'" (en). Westmeath Examiner. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-10-04. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  2. 2.0 2.1 "LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: An rud is annamh is iontach – fios ag lucht ‘Nowhere Fast’ cá bhfuil a dtriall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-02.
  3. "The loves of my life: Comedian Alison Spittle - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  4. "Sharon Horgan: The divorce industry feeds off people at the worst time of their lives" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  5. "The Alison Spittle Show" (en-GB). Broadsheet.ie (2016-04-07). Dáta rochtana: 2018-07-23.
  6. "Ireland Now: nine of the best Irish podcasts" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  7. "Alison Spittle: ‘I just tried stand-up like you would try abseiling’" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  8. "'You can get on with him and you can be shocked with what he said' - Comedian Alison Spittle on George Hook - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  9. "How Alison Spittle deals with her anxiety through stand-up comedy" (2017-09-05). Dáta rochtana: 2018-07-23.
  10. "All in the chemistry as Irish radio hopes for sparks" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  11. 11.0 11.1 "Alison Spittle: ‘If you’re friends with a mad bastard, that’s your cross to bear’" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  12. David Elkin. "Everyone fell in love with the outrageous Mary on Alison Spittle's Nowhere Fast last night" (en). The Daily Edge. Dáta rochtana: 2018-07-23.