Síciatraí, paiteolaí na hinchinne agus Gearmáineach ab ea Alois Alzheimer (a rugadh ar 14 de mhí an Mheithimh 1864 agus a fuair bás 19 de mhí na Nollag 1915). Comhghleacaí agus dlúthchara le Emil Kraepelin ab ea é. Rinne sé an céad chur síos cruinn ar an galar intinne ar a thug Kraepelin Galar Alzheimer air.

Alois Alzheimer
Alois Alzheimer 003.jpg
ollamh

Saol
Eolas breithe Marktbreit, Meitheamh 14, 1864
Náisiúntacht An Ghearmáin
Bás Wrocław (en) Aistrigh, Nollaig 19, 1915
Áit adhlactha Frankfurt Main Cemetery (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (Cliseadh duán)
Oideachas
Alma mater University of Würzburg (en) Aistrigh
Ollscoil Tübingen
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Teangacha An Ghearmáinis
Mic léinn Franz Nissl (en) Aistrigh
Gairm
Gairm síciatraí, neuropathologist (en) Aistrigh, eolaí néarchórais, múinteoir ollscoile agus néareolaí
Fostóirí Ollscoil Wrocław
Ludwig Maximilian University of Munich (en) Aistrigh
Ballraíocht Silesian Society for Patriotic Culture (en) Aistrigh
Alois Alzheimer signature.svg
1915

TaighdeCuir in Eagar

Sa bhliain 1901 is ea a chasadh othar den ainm Frau Auguste D. ar Alzheimer. Bhí caoga haon blianta slánaithe aici ach bhí a cuimhne do rudaí a tharla le déanaí loite. Rinne Alzheimer dianstaidéir is faire uirthi. Tar éis bás di sa bhliain 1906, rinne sé staidéar chruinn paiteolaíochta ar a hinchinn.

Rinne Alzheimer fionnachtain mhór nuair a nochtadh sé den chéad uair lorg áirithe an ghalair in a hinchinn.

Ar an triú lá de mhí na Samhna sa bhliain 1906, thug Alzheimer an chéad chur síos cruinn ar an tinneas agus an paiteolaíocht bainteach leis i léacht. Níorbh fhada gur scaip a chlú agus gur thuig síciatraithe i gcoitinne foirfeacht a éacht.

 
Tübingen: Hier wohnte Alois Alzheimer in den Jahren 1886/1887 als Student.

SaolCuir in Eagar

Fuair Alzheimer a dhintiúr mar lia sa bhliain 1887 in ollscoil Würzburg. Ghlac sé post mar shíciatraí in Frankfurt am Main i dteach na ngealt (Die Städtische Anstalt für Irre und Epileptische). Bhuail sé le Franz Nissl agus is uaidh a d'fhoghlaim sé modhanna paiteolaíochta a úsáideach sé go torthúil is é ag déanamh staidéar ar inchinne a chuid othair.

Ceapadh Alzheimer mar Ollamh le síciatracht in Ollscoil Breslau sa bhliain 1912.

D'éag Alzheimer i mBreslau ar 19 Nollaig 1915; bhí fadhbanna aige lena chroí.

TagairtíCuir in Eagar