An Abhainn Dubh, Contae Chill Dara

abhainn in Éirinn, Cill Dara agus An Mhí

Abhainn a ritheann trí chontaetha Chill Dara agus na Mí in Éirinn is ea an Abhainn Dubh (Béarla: River Blackwater).[1] Is fo-abhainn de chuid na Bóinne í a ritheann isteach i Muir Éireann ag Droichead Átha. (Is é seo ceann de dhá “Abhainn Dubh” a ritheann isteach sa Bhóinn i gContae na Mí — éiríonn an ceann eile i gContae an Chabháin).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Abhainn Dubh, Contae Chill Dara

Suíomh
Map
 53°22′15″N 6°46′43″W / 53.3709°N 6.77857°W / 53.3709; -6.77857
Logainm.ie1421767

Tá foinse na habhann suite i dtuaisceart Chill Dara, in aice le Tigh Mochua. Ritheann sé siar ó thuaidh thar Chlub Gailf Chnoc an Eallaigh, trí Dhroichead Baile Sheáin agus feadh theorainn chontaetha Chill Dara-na Mí. Téann an mótarbhealach M4 thar an abhainn ar dhroichead siar ón mBóthar Buí agus ansin téann sé faoin gCanáil Ríoga trí Uiscerian na hAbhann Duibhe ag Coill Mhór na mBreatnach/Cill Mhuire agus leanann sé ar aghaidh mar theorainn idir Cill Dara agus an Mhí go dtí go gcasann sí ó thuaidh in aice le Maigh Dearmhaí agus téann sé faoin mbóthar R160. Ritheann sí isteach sa Bhóinn i nDún Uabhair, Contae na Mí, timpeall 12km siar ó dheas ó Bhaile Átha Troim, Contae na Mí, díreach faoi Dhroichead Inse Mhór.

Is é an breac donn an príomhspeiceas iasc.

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar