An Bád Sí (Dán)
dán le Nuala Ní Dhomhnaill
Scríobh Nuala Ní Dhomhnaill an dán seo, An Bád Sí. Foilsíodh é ins 'An Dealg Droighinn', The Mercier Press, Baile Átha Cliath 1981.
Foirm cheoil | dán |
---|---|
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Rugadh i Sasana í Ní Dhomhnaill agus tógadh í i Luimneach, in Aonach agus sa Ghaeltacht Corca Dhuibhne. D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCathair Luimnigh agus chuaigh sí ar bhun staidéir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá roinnt cnuasaigh filíochta trí Ghaeilge scríofa aici. Ina measc, tá Cead Aighnis ina bhfuil dánta iontacha faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha. Samhlaíocht agus béaloideas agus na seanamhráin a bhíonn ag Nuala mar thobar dá cuid saothair.
An dán
cuir in eagar- Triúr a chonaic is triúr nach bhfaca.
- Na fearaibh ar na maidí rámha
- Seacaidí gorma is caipíní dearga
- A' dhul isteach go Faill na Mná.
- Sinne a bhí ag piocadh duilisc
- Ar chlocha ins an Chuaisín.
- Mise is Neill is Nóra a chonaic iad
- 'S triúr eile ní fhaca rian.
- Bhí ár gceannaibh síos go talamh
- a' piocadh linn 's ár naprúin lán.
- Mise is túisce a d'ardaigh m'amharc
- Nuair a chualamar fuaim na maidí rámha.
- Ní fhéadfainn a rá an cúigear nó seisear
- De fhearabih a bhí istigh sa mbád.
- Bhí duine acu thiar ina deireadh á stiúradh
- Is gan aon chor as ach oiread leis an mbás.
- Do liús is do bhéiceas féachaint
- Isteach faoin bhfaill cár ghabh an bád
- Chonaic an triúr iad 's ní fhaca an triúr eile
- In áit chomh cúng nach rachadh ach rón
- Is dá mbeidís ag straenáil ann go maidin
- Go bráth na breithe ní fheicfeadh rian
- Den mbád úd nárbh aon bhád saolta é
- A chonaic le mo dhá shúil cinn
- Ó dúirt na seandaoine linn nár mhithid
- Theacht 'na bhaile 's an choróin a rá
- Mar gur minic a bhí a leithéid ann cheana
- Á thaibhsiú do dhaoine ar an mbá
- Triúr a chonaic is triúr nach bhfaca
- Na fearaibh ar na maidí rámha
- Seacaidí gorma is caipíní dearga
- A' dhul isteach go Faill na Mná