Scríobh Nuala Ní Dhomhnaill an dán seo, An Chaor Aduaidh. Foilsíodh é san 'Cead Aighnis', An Sagart Má Nuat, BAC 1998.

Rugadh i Sasana í Ní Dhomhnaill agus d'fhás sí suas i Luimneach, in Aonach agus i nGaeltacht Corca Dhuibhne. D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCathair Luimnigh agus chuaigh sí ar bhun staidéir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá roinnt cnuasaigh filíochta trí Ghaeilge scríofa aici. Ina measc, tá Cead Aighnis ina bhfuil dánta iontacha faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha. Samhlaíocht agus béaloideas agus na seanamhráin a bhíonn ag Nuala mar thobar dá cuid saothair.

An dán cuir in eagar

An chaor aduaidh:-
olagón bog binn na cruinne
ag casadh ar a fearsaid;
sioscadh na gaoithe grianda
os cionn folús na duibheagáin;
dán mascalach an domhain, a phaidir gheal,
ag soilsiú an mhaighnéadaisféir.
Titeann bréithre na teangan domhanda seo
chun talaimh ceann ar cheann,
ina néalta bána is uaithne,
ar nós cuirtíní.