An Foclóir Beag

foclóir aonteangach Gaeilge

Is leagan leictreonach inchuardaithe An Foclóir Beag ar líne, d'fhoclóir Gaeilge-Gaeilge Uí Dhónaill & Ua Maoileoin, a foilsíodh sa bhliain 1991.

Cloítear go dílis le téacs an bhunfhoclóra seachas mionleasuithe ar an nodaireacht de ghrá na soiléireachta (m.sh. an nod gramadaí fir1 seachas f1).

Treoracha cuir in eagar

Chun teacht ar fhocal ar leith, cuir an focal sin sa bhosca cuardaigh agus cliceáil chun teacht ar an eolas ábhartha mar atá in An Foclóir Beag. Tugtar iontráil nó iontrálacha an fhocail sin in An Foclóir Beag ar dtús, ansin iontrálacha gaolmhara más ann dóibh, ansin frásaí samplacha ina bhfaightear an focal cuardaigh faoi iontrálacha eile in An Foclóir Beag.

Tugtar innéacs de cheannfhocail An Foclóir Beag ar dheis, agus rogha d'fhocail cosúil leis an bhfocal cuardaigh díreach faoin mbosca cuardaigh.

Naisc sheachtrach cuir in eagar