An Ghaeilge sa Dlí

leabhar le Dáithí Mac Cárthaigh

Stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, faoin gcásdlí, agus faoi dhlí an Aontais Eorpaigh — go stairiúil agus faoi láthair — is ábhar don leabhar seo An Ghaeilge sa Dlí. Is é Dáithí Mac Cárthaigh[1] údar an leabhair, agus is é Seamás Ó Tuathail an t-eagarthóir comhairleach.[2]

WD Bosca Sonraí LeabharAn Ghaeilge sa Dlí
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarDáithí Mac Cárthaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Na Ceithre Cúirteanna

Cuimsítear sa leabhar seo; pleanáil agus pleanáil teanga, oideachas, craolachán, an tseirbhís phoiblí, cúrsaí Gaeltachta, Tithe an Oireachtais agus na Cúirteanna. Déantar mionphlé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus moltar leasuithe atá bunaithe ar scoth-chleachtais i gCeanada agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.

Is sain-téacsleabhar í seo don mhac léinn agus don dlíodóir cleachtach atá scríofa ar shlí atá intuigthe d’aon duine gur cás leis cúis na Gaeilge.

Tá 280 leathanach sa leabhar agus tá sé ar phraghas €30.

D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar (ISBN 9781909907843), sa bhliain 2020.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Dáithí Mac Cárthaigh Archives" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2021-06-22.
  2. Dáithí Mac Cárthaigh (2020). "An Ghaeilge sa Dlí" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2021-06-22.