Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Is acht de chuid Oireachtas na hÉireann é Acht na dTeangacha Oifigiúla (English: The Official Languages Act 2003).
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
Déantar foráil san Acht do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar thrí bhealach:
- trí fhorálacha an Achta atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht;
- trí rialacháin a dhéanann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá infheidhme freisin maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht; agus
- trí scéimeanna teanga, a aontaítear le gach comhlacht poiblí ar leith agus a fhorálann do mhéadú de réir a chéile ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuireann an comhlacht poiblí sin ar fáil trí Ghaeilge.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht sa bhliain 2004. Is iad príomhfheidhmeanna na hOifige sin monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí, agus bearta riachtanacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.[1][2]
Féach FreisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
- ↑ Ról an Choimisinéara Teanga -An Coimisinéir Teanga
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |