Osclóidh seo an príomhroghchlár
An Feisire Eorpach Seán Ó Neachtain i gcuideachta Phanu Höglund, Aoife Ní Scolaí agus Phádraig Uí Laighin. Shínigh ochtó míle duine an achainí Idirlín ag éileamh stádas oifigiúil iomlán don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

An feachtas ar a tugadh Stádas, bhí sé idir lámhaibh ag na heagraíochtaí Gaeilge in Éirinn sna blianta 2003-2005, agus é dírithe ar stádas oifigiúil iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Ba é an Dochtúir Pádraig Ó Laighin, a raibh tréimhse fhada caite aige i gCeanada, agus tuiscint aige do pholasaí teanga na tíre, a chuir tús leis an bhfeachtas. Eisean a scríobh príomhdhoiciméid an fheachtais, an aighneacht údarásach a leag sé faoi bhráid an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip san áireamh, agus ba é a bhí mar phríomhurlabhraí thar ceann Stádais le linn an fheachtais. Rinne Aoife Ní Scolaí comhordú ar rannpháirtíocht Chonradh na Gaeilge san fheachtas, go háirithe ar eagrú mórshiúil i mBaile Átha Cliath ar 24 Aibreán 2004 An Lá Mór a raibh tuairim is sé mhíle duine páirteach ann. Le linn an fheachtais, tháinig sé chun solais go raibh Panu Petteri Höglund i ndiaidh achainí dá chuid féin a chur ar siúl ar an Idirlíon ar mhaithe leis an gcuspóir céanna. Thug Stádas lántacaíocht don achainí sin, agus rinne siad cinneadh go dtabharfaí cuireadh do Panu Petteri Höglund a bheith i láthair sa mhórshiúl agus labhairt ag an léirsiú mór os comhair Dháil Éireann, i Sráid Theach Laighean.

Thug an feachtas seo spreagadh do Ghaeilgeoirí óga na hÉireann eagraíocht nua dá gcuid féin, Na Gaeil Óga, a bhunú.

Nascanna seachtrachaCuir in Eagar