Is agóid ar son stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a bhí sa An Lá Mór a tharla i mBaile Átha Cliath ar an 24 Aibreán, 2004. Bhí Stádas agus Na Gaeil Óga taobh thiar den fheachtas a raibh stádas oifigiúil na Gaeilge san AE mar chríoch air.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Lá Mór
Map
 53° 20′ 59″ N, 6° 15′ 37″ O / 53.3497°N,6.2603°W / 53.3497; -6.2603
Cineálagóid Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Aibreán 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An Feisire Eorpach Seán Ó Neachtain i gcuideachta Phanu Höglund, Aoife Ní Scolaí agus Phádraig Uí Laighin. Shínigh ochtó míle duine an achainí Idirlín ag éileamh stádas oifigiúil iomlán don Ghaeilge san Aontas Eorpach.[1]
Príomhalt: Feachtas "Stádas"

Bhí tuairim is 5,000 duine i láthair ar an lá a d'fhág go raibh An Lá Mór ar na hagóidí Gaeilge ba mhó riamh i stair na hÉireann.[2] Chruinnigh an slua in aice le Cearnóg Pharnell agus shiúil trí lár Bhaile Átha Cliath go dtí Sráid Theach Laighean. Ar ardán taobh amuigh de Thithe an Rialtais labhair Pádraig B. Ó Laighin, Seán Ó Neachtain FPE ó Fhianna Fáil, Aoife Ní Scolaí ó Chonradh na Gaeilge, Tomaí Ó Conghaile ó Na Gaeil Óga, Eamon Gilmore TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin, Joe Higgins TD ón bPáirtí Sóisialach, bean ón bPáirtí Daonlathach mar aon le Panu Petteri Höglund ón Fhionlainn ann.

Bunaíodh Na Gaeil Óga chun ceist STÁDAS a bhrú chun tosaigh sna hollscoileanna agus tugadh áit ar ardán don ghrúpa ar an Lá Mór. Rinne Aoife Ní Scolaí comhordú ar rannpháirtíocht Chonradh na Gaeilge san fheachtas. Le linn an fheachtais, tháinig sé chun solais go raibh Panu Petteri Höglund i ndiaidh achainí dá chuid féin a chur ar siúl ar an Idirlíon ar mhaithe leis an gcuspóir céanna. Thug Stádas lántacaíocht don achainí sin, agus rinne siad cinneadh go dtabharfaí cuireadh do Panu a bheith i láthair sa mhórshiúl agus labhairt ag an léirsiú mór os comhair Dháil Éireann.

Féach Freisin

cuir in eagar
  1. "Language group calls for status 'without delay'" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  2. https://www.irishtimes.com/culture/treibh/nil-ach-an-t-aon-rogha-ann-stadas-oifigiuil-1.1310020 |teideal= 'Nil ach an t-aon rogha ann - stadas oifigiuil' - The Irish Times (2004)