Oifig a bunaíodh in 2004 de thairbhe Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, é An Coimisinéir Teanga. Tá ról maoirseachta ag Oifig an Choimisinéara i leith chur i bhfeidhm na ndualgas teanga a bhfuil cur síos orthu san Acht agus is gá dó/di a bheith neamhspleách i mbun a c(h)úraimí. Ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar chéad Choimisinéir ar 23 Feabhra 2004, de réir Chuid 4 den Acht.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coimisinéir Teanga
Sonraí
Cineálpost Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2004

Ceapachán cuir in eagar

Is é/í Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir ar chomhairle an Rialtais. Déantar é seo tar éis do Dháil Éireann agus Seanad Éireann rún a rith ina moltar an ceapachán.[1]

Feidhmeanna an Choimisinéara cuir in eagar

Is gá don Choimisinéir monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ndualgas dátheangachais atá ar ranna agus ar chomhlachtaí stáit, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, chomh maith leis na bearta cuí a dhéanamh le cinntiú go mbaintear amach na spriocanna a bhíonn i gceist. Bíonn air/uirthi gearáin a fhiosrú faoi theip ranna agus comhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoin acht nó faoi achtachán ar bith eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge. Anuas air sin, tá sé mar dhualgas ar an gCoimisinéir comhairle a chur ar mhuintir an phobail faoina gcearta teanga agus comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoina ndualgais, chomh maith le tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ar na cúrsaí seo le cur faoi bhráid an Oireachtais. Is ceadmhach don Choimisinéir tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta chomh maith.[2]

Cumhachtaí an Choimisinéara cuir in eagar

Tá cosúlacht mhór idir na cumhachtaí atá ag an gCoimisinéir Teanga in Éirinn agus a bheadh ag Ombudsman. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisinéir eolas, doiciméid nó fianaise bhéil a lorg, lena gcabhrófaí le cur i gcrích a d(h)ualgas. D'fhéadfaí fíneáil €2,000 nó/agus príosúnacht 6 mhí a ghearradh ar dhuine ar bith a gheofaí ciontach as diúltú nó teip comhoibriú leis an gCoimisinéir. Ach tá sé mar pholasaí ag an gCoimisinéir béim a leagan ar chomhpháirtíocht agus ar chomhoibriú agus ní ar bhagairtí dlí.[3]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar