Seán Ó Cuirreáin
Chaith Seán Ó Cuirreáin deich mbliana ag feidhmiú mar Choimisinéir Teanga in Éirinn. Ba é an chéad duine é a ceapadh sa phost sin, de thairbhe Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ceapadh é ar 23 Feabhra 2004.[1] Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar Raidió na Gaeltachta agus ina iriseoir ansin ar feadh 25 bliana sular ceapadh é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Gort an Choirce, Éire |
An Coimisinéir Teanga | |
2004 – Feabhra 2014 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir |
Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
D'éirigh sé as an bpost mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra 2014 mar go raibh sé den tuairim go raibh an Ghaeilge á himeallú diaidh ar ndiaidh. "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill," a dúirt sé le Comhchoiste Oireachtais i mí Eanáir 2014.
I 2018 cheap an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn é ar an gComhairle Stáit.[2]
Saol
cuir in eagarTógadh Seán Ó Cuirreáin in aice le Gort an Choirce i dTír Chonaill agus d'fhreastail sé ar an ollscoil i nGaillimh. Chaith sé trí bliana ina dhiaidh sin ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go páirtaimseartha le RTÉ. Ansin thosaigh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta i 1979, áit ar fhan sé go dtí gur ceapadh ina Choimisinéir Teanga é.[3]
Seoladh leabhar dá chuid, "Éagóir - Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna" ar an 19 Bealtaine 2016. Insint úrnua é seo ar scéal Mhaolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna, a bhfuil pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla ann nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-20. Dáta rochtana: 2008-08-05.
- ↑ "An t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ceaptha ag an Uachtarán ar an gComhairle Stáit". Tuairisc (4 Aibreán 2019).
- ↑ http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1624[nasc briste go buan]