Maolra Seoighe

fear as Contae Mhaigh Eo a ciontaíodh agus a crochadh go héagórach as dúnmharú i 1882

Fear Gaeltachta as Contae Mhaigh Eo a bhí i Maolra Seoighe a ciontaíodh agus a crochadh go héagórach ar an 15 Nollaig 1882.[1] Frítheadh é ciontach as Dúnmharuithe Mhám Trasna, eachtra ina dúnmharaíodh Séan Seoighe agus a chlann, agus daoradh chun báis é dá bharr.[2] As Béarla amháin a bhí an cás, cé nach raibh ach Gaeilge ag an Seoigheach.[3]

Infotaula de personaMaolra Seoighe

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1842
Bás15 Nollaig 1882
39/40 bliana d'aois
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)

Ar an 17 Lúnasa 1882 a tharla an t-uafás ar a dtugtar Dúnmharuithe Mhám Trasna. Ceantar Gaeltachta é Mám Trasna atá suite ar bhruach Locha Measca ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo. Maraíodh cúigear ar fad: Seán Seoighe, a bhean Bríd, a iníon Peigí agus a mháthair Mairéad. Gortaíodh a mhac, Micheál, go dona agus bhásaigh seisean an lá ina dhiaidh sin de thoradh na ngortuithe. Gortaíodh mac óg eile, Pádraig (Patsy), ach tháinig seisean slán. Bhí mac eile de chuid an tí, Máirtín, ar fostú ag teaghlach ar an bhFairche agus bhí sé as baile oíche an tsléachta.

Níl aon aontú ar an gcúis a bhí leis an marú agus luaitear teoiricí éagsúla.[4] Mhaígh na húdaráis go raibh Seán Seoighe ina chisteoir ar cheann de na cumainn rúnda áitiúla, lucht Ribíní/Fíníní, a bhí ag cur in aghaidh na dtiarnaí talún ag an am, agus dúradh gur mar dhíoltas a ionsaíodh a theaghlach nuair a chúbláil sé airgead de chuid an chumainn. Bhí teoiric láidir eile ann gur nós le Seán Seoighe a bheith ag goid chaoirigh na gcomharsan ó na cnoic agus gurbh é sin príomhchúis an ionsaithe. Bhí tuilleadh a mheas gurbh í a mháthair, Mairéad, an phríomhsprioc mar gur ceapadh gur sceith sí eolas leis na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh tamall roimhe sin. Agus bhíodar ann a chreid gur bhain na dúnmharuithe leis an iomarca cairdis a bheith idir iníon an tí, Peigí, a bhí ina déagóir, agus duine den RIC - caidreamh nach raibh inghlactha ag an am.

Deichniúr cúisithe cuir in eagar

Gabhadh agus cúisíodh deichniúr fear ón gceantar as na dúnmharuithe: Maolra Seoighe; a dheartháireacha, Máirtín agus Páidín; agus nia leis, Tomás, ó bhaile fearainn Cheapach na Creiche; Pádraig, Micheál agus Seán Ó Cathasaigh ón áit chéanna; chomh maith le Pádraig Seoighe ó Sheanbhaile Uí Chathail; Tomás Ó Cathasaigh ó Ghleann Sal; agus Antaine Ó Pilbin ón gCeapach Dhubh. Cuireadh ar a dtriail i mBaile Átha Cliath iad os comhair breithimh agus giúiré gan Ghaeilge cé gur chainteoirí aonteangach Gaeilge iad formhór na bhfear. Chinn beirt acu - faoi bhagairt báis nó meallta ag luach saothair, deirtear - fianaise a thabhairt in aghaidh an ochtair eile.  

Ciontaíodh an chéad triúr a cuireadh ar a dtriail - Pádraig Seoighe, "Pádraig Shéamuis" Ó Cathasaigh agus Maolra Seoighe -agus gearradh pionóis an bháis orthu. Bheartaigh an cúigear eile a bhí le cur ar a dtriail ar chomhairle ón sagart, an tAth. Micheál Mac Aoidh ón bhFairche, gur cheart dóibh pléadáil go raibh siad ciontach leis an gcrochadóir a sheachaint. Daoradh chun báis iad ach shocraigh Fear Ionaid na Banríona in Éirinn, an tIarla Spenser, go malartófaí sin ar phríosún saoil. Tuairiscíodh gur theastaigh ón mBanríon Victoria féin go gcrochfaí an t-ochtar.

Tugadh an triúr a bhí le crochadh ar ais go Gaillimh chuig an bpríosún a bhí ansin ag an am - san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois. Go gairid sular crochadh iad d'admháil beirt acu, ina nduine agus ina nduine, i ráitis scríofa go raibh siad ciontach as na dúnmharuithe ach go raibh Maolra Seoighe neamhchiontach. Níor leor seo don Iarla Spenser leis an gcrochadh a chur ar athló nó a stopadh. Dhearbhaigh sé i dteileagram chuig gobharnóir an phríosúin; "The law must take its course".

Crochadh cuir in eagar

Crochadh an triúr le chéile maidin an 15 Nollaig 1882 agus cuireadh a gcuid corp ar thalamh an phríosúin san áit a bhfuil carrchlós na hArdeaglaise anois.

Ar a bhealach chun a chrochta an mhaidin sin tuairiscíodh go ndúirt Maolra Seoighe: "Feicfidh mé Iosa Críost ar ball beag - crochadh eisean san éagóir chomh maith. ...Ara, tá mé ag imeacht...Go bhfóire Dia ar mo bhean agus a cúigear dílleachtaí."

Tuairiscíodh nach ndearna an crochadóir, William Marwood, a chuid oibre go críochnúil, gur tachtadh Maolra Seoighe agus gur shaothraigh sé an bás go mall agus go pianmhar.

Aistharraingt agus feachtasaíocht cuir in eagar

 
Maam Cross agus na sléibhte

Dhá bhliain ina dhiaidh sin tháinig duine den bheirt bhrathadóirí a thug fianaise in aghaidh Mhaolra Seoighe i láthair an phobail agus i láthair Ardeaspag Thuama, an Dr Mac an Mhílidh agus é ag cur ógánaigh an cheantair faoina láimh ag Séipéal Thuar Mhic Eadaigh agus mhionnaigh sé gur fianaise bhréige a bhí tugtha faoi mhóid aige; ní raibh aon bhunús lena fhianaise sa chúirt go raibh baint ag Maolra Seoighe leis na dúnmharuithe.

Dhiúltaigh údaráis na Breataine don fhiosrúchán iomlán faoin gcás a bhí éilithe ag Ardeaspag Thuama, ag iriseoirí agus ag polaiteoirí go leor, Charles Stewart Parnell ina measc.

Tháinig tuilleadh eolais chun cinn faoin gcás in imeacht na mblianta[5]. Ba chosúil gur coinníodh siar ón gcúirt agus ó dhlíodóirí cosanta na bhfear fianaise a chabhródh le neamhchiontacht cuid acu a chruthú. Tháinig líomhaintí chun cinn go ndearna na húdaráis gach iarracht líon na gCaitliceach a theorannú a bheadh ar na giúiréithe a rinne breithiúnais sna cásanna. Tuigeadh go ndearna neamhaird den fhianaise i nGaeilge agus gur beag di a aistríodh go Béarla sa chúirt. Póilín a bhí i mbun an chúraim le caint na bhfear a aistriú go Béarla. Mhéadaigh an fhianaise go raibh iomrall ceartais i gceist ach níor géilleadh d'fhiosrúchán iomlán.

Glacadh go forleathan leis go raibh duine amháin den chúigear a bhí i bpríosún ciontach as a bheith páirteach sna dúnmharuithe (i dteannta na beirte a crochadh) ach glacadh leis go raibh an ceathrar eile chomh neamhchiontach céanna le Maolra Seoighe. Creideadh freisin go raibh triúr eile a bhí páirteach sna dúnmharuithe nár cúisíodh riamh, ina measc an duine a phleanáil agus a threoraigh iad.

Maamtrasna Alliance cuir in eagar

 
Loch Measca

Pléadh cás Mhám Trasna ar fud na tíre seo agus i meáin an domhain mhóir. Bhí díospóireachtaí fada faoi i dTeach na Parlaiminte in Westminster - díospóireacht amháin a mhair ceithre lá agus a raibh ainmneacha móra i stair na polaitíochta páirteach inti. Diúltaíodh d'fhiosrúchán poiblí ar an gcás agus d'fhág sin go raibh sé ar cheann amháin de na cúiseanna gur thit Rialtas Liobrálach William Gladstone in 1885 nuair a thacaigh na teachtaí Éireannacha faoi cheannas Charles Stewart Parnell leis na Tóraithe faoi cheannas Randolph Churchill. An "Maamtrasna Alliance" a tugadh ar an gcomhghuaillíocht sin.

Cailleadh sa phríosún beirt den chúigear a ciontaíodh sa choir agus chaith an triúr eile, beirt deartháireacha agus nia Mhaolra Seoighe, scór bliain i ngéibheann. Rinne a gcuid mná céile impí ar Fhear Ionaid na Banríona, an Tiarna Dudley, agus a bhean chéile le linn cuairte ar Chonamara iad a shaoradh. Nuair a scaoileadh amach sna laethanta ina dhiaidh sin iad, ar an 24 Deireadh Fómhair 1902, cuireadh ar thraein as Baile Átha Cliath go Baile an Róba iad agus shiúil siad na 18 míle as sin i ndorchadas na hoíche agus sa bháisteach abhaile go Ceapach an Creiche faoi scáth Mhám Trasna.

Comóradh cuir in eagar

Bhí comóradh ar a bhás i nGaillimh ar an 15 Nollaig 2012 eagraithe ag An Coimisinéir Teanga. Bhí Uachtarán na hÉireann i láthair. Aifreann san Ard Eaglais - atá tógtha ar shuíomh Phríosúin na Gaillimhe inar crochadh Maolra Seoighe.

 

Leabhair foilsithe cuir in eagar

Seoladh leabhar nua ar an eachtra seo ar an 19ú Lá Bealtaine 2016 i dTeach Cúirte Sráid na Faiche, i mBaile Átha Cliath. Ba istigh sa gcúirt sin a daoradh Maolra Seoighe agus na daoine eile chun bháis sa bhliain 1882. Sé Seán Ó Cuirreáin, iar Choimisinéir Teanga na hÉireann údar an leabhair, "Éagóir - Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna"[nasc briste go buan] agus tá sé foilsithe ag Cois Life. Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Lords seek to declare execution of Mammatrasna murder accused a miscarriage of justice". Gaelport.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-10. Dáta rochtana: 2012-12-18.
  2. "Prí­omhshuí­omh Eolais na Gaeilge". Gaelport.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-23. Dáta rochtana: 2012-12-18.
  3. "Maolra Seoighe le comóradh ar Aifreann speisialta i nGaillimh - The Irish Times - Wed, Dec 12, 2012". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-18. Dáta rochtana: 2012-12-18.
  4. "Éagóir. Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna" (en-GB). Litríocht (2016-04-20). Dáta rochtana: 2019-08-17.[nasc briste go buan]
  5. "Ceacht Staire ar Chearta Teanga: Dúnmharuithe Mhám Trasna" Beo.ie