Is séadchomhartha é an ghráinseach iontach i dtailte Theach Bhaile an Chaisleáin i nCill Droichid.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Ghráinseach Iontach
Íomhá
Sonraí
CineálBréagán tí
Foirgníocht1743 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Floors above ground (en) Aistrigh7
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinLéim an Bhradáin, Éire
Map
 53°22′N 6°31′W / 53.36°N 6.51°W / 53.36; -6.51

Bá i Katherine Conolly, tiarna talún an cheantair agus baintreach William Conolly, Spéicéir Theach na gComónach in Éirinn, a chuir an Ghráinseach Iontach a tógáil, agus ba é John Glin a thóg e 1743. Duine de sheanteaghlach tógalaithe i mBaile Átha Cliath ab ea Glin. Chónaigh sé san áit a bhfuil Teach na Gléibe ar an bPríomhshráid, Léim an Bhradáin.[1]

Struchtúr cúig urlar i bhfoirm chónúil atá ann, agus cúig sheomra arda bhoghtacha laistigh. Tiús 60–90 cm atá sna ballaí as brici dearga Sasanacha le clúdach aoluisce atá an taobh istigh déanta agus as aolchloch gearrtha le cóta stroighne an taobh amaigh. Greamaíodh sclátaí don taobh nochta chun é a chosaint ar an mbáisteach a thagann ón iardheisceart go príomha. Airde 22.25 méadar atá sa ghráinseach agus gheofar radharc uaithi ar an tuath mórthimpeall air agus ar Theach Bhaile an Chaisleáin in aice láimhe. Ní mór dul suas staighre bíseach ar an taobh amuigh den struchtúr chun an t-ardán radhairc le forbhallaí a shroicheadh.

Tá dhá mhacasamhail bheaga den ghráinseach (colmlanna) ar an láthair chéanna; coimeádadh colúir iontu a d'itheadh an grán doirte. Mharaítí iad sa gheimhreadh lena n-ithe.

Le Comhairle Contae Chill Dara a bhaineann an Ghráinsesch Iontach ó 2005 i leith. Tá airgead mór caite ag an gComhairle chun an ghráinseach a chaomhnú agus chun deisiúcháin struchtúrtha a dhéanamh ar na brící agus ar an tsaoirseacht chloiche, agus ar dhíon na sciathán.

An granary i 1900

Tagairtí cuir in eagar

  1. Philip I. Powell. "A History of County Kildare: From Prehistory to Oliver Cromwell".