Séard atá i gceist leis an Iarannaois ná an staid i bhforbairt aon dreama a d’úsáideadh an-chuid uirlisí agus arm arbh é an t-iarann an phríomh-chomhchuid iontu. Is í an Iarannaois an tréimhse tar éis na Clochaoise agus na Cré-umhaoise i gcóras Christian Thornsen. I réigiúin áirithe, mar shampla oileáin an Aigéin Chiúin Theas, tháinig an Iarannaois i ndiaidh na Clochaoise gan aon Chré-umhaois eartarthu. Is minic a tharla go leor athruithe eile sa tsochaí i gcomhthráth le hiarann a bheith á glacadh mar ábhar déanta uirlisí, lena n-áirítear athruithe ar chleachtais talmhaíochta, ar chreidimh reiligiúnda agus ar stíleanna ealaíne. Tháinig an aibitir ar an bhfód san Iarannaois. Bíonn uirlisí agus airm iarainn níos fearr ná cinn chré-umha mar go bhfuil an miotal níos crua agus go bhfanann faobhar orthu níos faide. Tá sé níos saoire freisin iarann a chruthú mar go bhfuil an iarnmhian ar fáil go héasca (mar iarnmhian phortaigh anseo in Éirinn).

Thart ar 800 R.C., leath grúpa treabh, ar a dtugaimid na Ceiltigh, óna n-áiteanna dúchais sna hAlpa, trasna ar lár agus ar iarthar na hEorpa. Bhí an-bhaint ag a gcuid arm iarainn lena bhforleathnú. Chas na Rómhánaigh orthu nuair a rinne siad ionradh ar an nGaill (an Fhrainc) agus ar dheisceart na Breataine. Creidtear go forleathan go ndearna na Ceiltigh ionradh ar Éirinn thart ar 500 R.C., ach níl fianaise fhoirfe air sin. Is ar éigin go bhfuil aon cheann de na séadchomharthaí ná na déantúsáin a bhain go tipiciúil leis na Ceiltigh ar fáil in Éirinn.

Is é an dún cnoic an príomhshéadchomhartha atá bainteach leis an Iarannaois. Aimsíodh thart ar 70 sampla díobh in Éirinn. Is imfháluithe móra iad suite ar bharr cnoic. Nuair a rinne Caesar ionradh ar an nGaill (an Fhrainc) agus ar dheisceart na Breataine, bhí na Ceiltigh ina gcónaí sna dúnta daingnithe seo. Cé nach ndearnadh tochailt ach ar fíorbheagán dún cnoic anseo in Éirinn, taispeánann an fhianaise a fuarthas nárbh iad ionróirí a bhí ina gcónaí iontu, acu sliocht mhuintir dhúchasach na Cré-umhaoise. Ní áit soicheallach í barr cnoic. Tá Cathair Conraoi, ar leithinis Daingin i gCo. Chiarraí, ar bharr sléibhe atá an-ghéar. Scoitheann balla cloiche (é 5 m ar leithead agus níos mó ná 100 m ar fad) teanga bheag talún atá níos mó ná 700 m os cionn na farraige. De réir seanscéil, choimeád Cú Raoi Bláthnaid, leannán Chú Chulainn, ansin nuair a d’fhuadaigh sé í.


Fás eacnamaíochCuir in Eagar

D‘eascair an Luath-Iarannaois as deireadh Chré-umhaois na hÉireann ar bhealach nach mór do-airithe. Ní fios mórán faoin tréimhse sin agus tugtar 'Ré Dhorcha na hÉireann‘ uirthi dá bharr. Tá an dealramh air, agus aird ar an méid fianaise arb ann di go dtí seo, gur tugadh úsáid iarainn isteach in Éirinn de réir a chéile, cé go raibh leas fós á bhaint as uirlisí cré-umha le haghaidh nithe laethúla agus le haghaidh maisiú. Is nithe ar a raibh maisiú den stíl 'La Tène‘ iad go leor de na hiarsmaí a fuarthas ó thréimhse na hIarannaoise, ar nós an toirc a fuarthas i mBrú Íochtar, i gContae Dhoire. Is dealraitheach go raibh an saol in Éirinn le linn na hIarannaoise geall leis an saol le linn trátha ní ba luaithe, sa dóigh is go raibh cónaí ar fheirmeoirí i lonnaíochtaí beaga cosanta nó thart orthu, agus gur úsáideadh dúnta cnoic agus imfháluithe barr cnoic ón gCré-umhaois Dhéanach ar fud na haimsire.

Tugadh gránbharra nua isteach go hÉirinn i rith na hIarannaoise - seagal agus coirce ina measc. Tugadh isteach an céachta coltair freisin – bhí sé in úsáid cheana féin i mBreatain na Róimhe. Bhí feirmeoirí in ann leathnú amach go ceantair ina raibh an ithir trom deacair, m.sh. áiteanna i gCo. Mhuineacháin, Co. an Chabháin agus Co. Liatroma. [1]

Ní raibh Eire rathúil i rith na hIarannaoise. Insíonn an taifead pailine dúinn go raibh athghiniúint mhór choillearnaí ar siúl ag an am, rud a thaispeánann go raibh cúlú i gcúrsaí talmhaíochta. Tacaíonn easpa séadchomharthaí agus déantúsán ón tréimhse seo leis an teoiric sin. Ach tháinig borradh ar chúrsaí eacnamaíochta thart ar 200 A.D. agus faoin mbliain 400 A.D. bhí Éire ar imeall an Dara hAois Órga. Bhí gné ar leith ag baint leis an tréimhse nua seo: teacht na Críostaíochta.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Barry Raftery (1994). "Pagan Celtic Ireland, the Enigma of the Irish Iron Age".