Luamh a bhí in HMY[1] An Iolaire (Gaeilge: An tIolar). Go moch ar maidin Lá na Bliana Úire 1919, bhí beagnach 300 duine ar bord, mairnéalaigh ag filleadh abhaile tar éis an An Chéad Chogaidh Dhomhanda.[2] Bhí ar a laghad 284 duine ar bord agus bádh níos mó ná 200 duine. I ndiaidh dóibh teacht slán ón gCéad Chogadh Mór, bádh iad 20 slat ó chladach Leòdhais. Bhí siad uilig sa Chabhlach Ríoga. básanna inseachanta ba ea iad go léir.[3][4]

Bosca Sonraí SoitheachAn Iolaire
LongchlósFerguson Marine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír chlárúcháin
Stair
Seoladh loinge
1881 Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Leacht cuimhneacháin i dTolm, Leòdhas, do na daoine a bádh ar an Iolaire

An tubaiste cuir in eagar

Bhí an aimsir ciúin nuair a d'ardaigh An Iolaire na seolta, ach d’éirigh stoirm le linn an turais. Níos measa, d’imigh an bád ar an chúrsa contráilte, rófhada soir.

 
Bhí sé 45 bliain sular tógadh leacht cuimhneacháin ǃ

B’iascairí iad na hoileánaigh, ach díbríodh iad nuair a thug siad an méid sin le fios don bhfoireann. Ag 1.55 ar maidin, bhuail ‘An Iolaire’ Biastan Thuilm, carraigeacha míle soir ó chaladh Steòrnabhaigh.

I ngar do chladach Steòrnabhaigh, raiceáladh An Iolaire agus scriosadh ar charraigeacha darb ainm Béisteanna Thuilm é.

Le cabhair rópa, d’éirigh le Iain Mac Leòid talamh slán a bhaint amach, agus rinne sé tarrtháil ar scaifte maith. D’éirigh le roinnt fear a raibh an snámh go maith acu teacht i dtír leis na tonnta. Ach, agus iad amuigh sa dorchadas agus éadach agus bróga troma orthu, ní raibh seans ag an chuid ba mhó de na daoine.[3]

 
reilig Sandwick

Conspóid cuir in eagar

Ba thragóid inseachanta é. Ba sheanbhád í an Iolaire; tógadh mar luamh í in 1881 agus ghlac an Cabhlach Ríoga seilbh uirthi ag tús an Chogaidh.

Bhí imní ar an chaptaen fiú agus ‘An Iolaire’ ag imeacht ó Chaoil Loch Aillse ag 7.30 Oíche Chinn Bliana, í ag triall ar Steòrnabhaigh, príomhbhaile Leòdhais.

Bhí ar a laghad 284 duine ar bord, ach gan slí ann ach do 100. Ní raibh ach dhá bhád tarrthála agus 80 seaicéad tarrthála ann.

 
Tharla an tragóid ar lá 'Hogmanay'

Ní raibh iomrá ar oifigigh ‘An Iolaire’. Fágadh faoi na hoileánaigh féin tarrtháil a dhéanamh orthu féin agus iad amuigh sa dorchadas agus na tonnta ag briseadh orthu.[3]

Ainneoin nach ndeachaigh ‘An Iolaire’ faoi go 3.30, agus go raibh garastún láidir ag an Chabhlach ar Steòrnabhaigh, níor thángthas i gcabhair uirthi.

Fá choicís, chuir an Cabhlach an bád báite ar an mhargadh agus coirp fós uirthi. Chuir sin oiread feirge ar an phobal gur tarraingíodh siar é.

Fiosrúchán cuir in eagar

Bhunaigh an Cabhlach Cúirt Fiosrúcháin, Fiosrúchán Poiblí, ach níor foilsíodh an tuarascáil go dtí ... 1970. Chuir sin an locht ar na hoifigigh, ar easpa trealaimh, agus ar an Chabhlach i Steòrnabhaigh as gan teacht i gcabhair orthu.[3]

Bhí sé 45 bliain sular tógadh leacht cuimhneacháin.

Pobal Gaelach briste faoi bhrón cuir in eagar

Bádh 181 fear as Leòdhas agus na hEaradh in Eileanan Siar na hAlban. As pobal 29,600 ar Leòdhas, maraíodh 1,151 fear sa Chogadh Mór.[3]

 

Bhí 50 duine as ceantar an Rubha ar ‘An Iolaire’. Níor tháinig ach 11 acu slán.

Maraíodh deichníur as Seiseadar, sráidbhaile beag ar an Rubha, sa Chogadh ach fuair 10 eile bás ar an Iolaire.

I ndiaidh glúin fear óg a chailleadh sa Chogadh, d’fhág an imirce gur cailleadh glúin ban óg sna 1920idí.[3] Sa bhliain 1930, chuaigh máthair Donald Trump ar imirce.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. HMY Her Majesty's Yacht
  2. "BBC - Alba - Tbh - Iolaire - Dachaigh" (en-GB). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2022-01-01.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Anton Mac Cába (1919). "Tubaiste ‘An Iolaire’ a d’fhág pobal Gaelach briste faoi bhrón" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-01.
  4. National Records of Scotland Web Team (2013-05-31). "National Records of Scotland" (English). National Records of Scotland. Dáta rochtana: 2022-01-01.
  5. "Mary Anne MacLeod Trump" (as en) (2021-12-15). Wikipedia.