An Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha

eagraíocht neamhrialtasach a chuireann mionteangacha na hEorpa chun cinn

Is eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta é an Líonra Eorpach um Chothromas Teanga[1] (Béarla: European Language Equality Network, nó ELEN) atá gníomhach ar an leibhéal Eorpach. Oibríonn sé chun teangacha neamhfhorleathana na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn, .i. teangacha réigiúnacha, teangacha mionlaigh, teangacha atá i mbaol, teangacha comhoifigiúla, agus teangacha náisiúnta de chuid na náisiún beag.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrELEN Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht neamhrialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíinternational non-profit association (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitan Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh2011
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán32,878 € (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinelen.ngo Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: EuropeanLanguageEqualityNetwork Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Dúnadh an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, eagraíocht neamhrialtasach cosúil le ELEN, in 2010, agus bunaíodh ELEN an bhliain dár gcionn.

Obair cuir in eagar

Tá baint ag an Líonra le go leor tograí ar son teangacha neamhfhorleathana san Eoraip:[2]

  • Déanann sé stocaireacht ar na príomheagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le cearta an duine agus cearta comhchoiteanna (Na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an tAontas Eorpach).[3] Labhraíonn ELEN ar son na mionlach is lú cumhacht san Eoraip, trí éilimh a chur faoi bhráid comhlachtaí tofa ar nós Parlaimint na hEorpa.
  • Feidhmíonn sé ar an leibhéal áitiúil freisin, mar shampla nuair a chuaigh sé i mbun feachtasaíochta chun brú ar chur ar Rialtas na Fraince an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a dhaingniú,[4] nó nuair a chuir sé tuairisc faoi bhráid na Náisiún Aontaithe a cháin Rialtas na Spáinne as a dhearcadh i leith mionlach nach bhfuil Spáinnis mar phríomhtheanga acu.[5][6]
  • Tosaíonn sé, nó glacann sé páirt i dtionscadail mhonatóireachta ar son teangacha mionlaigh, ina measc, an Digital Language Diversity Project, a raibh aidhm aige ábhar digiteach i dteangacha mionlaigh a chruthú agus a chomhroinnt.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An open letter – Llythyr agored – Lyther ygor – Litir oscailte – Litir fhosgailte. Our language communities benefit from our membership of the European Union." (2016-06-20). Dáta rochtana: 2024-02-12.
  2. Argouarch. “Paul Molac : Il nous faut agir pour changer la Constitution avant l'élection présidentielle” (fr-FR). Agence Bretagne Presse. Dáta rochtana: 2021-11-08.
  3. Morgan (2016-06-09). “Language discrimination rife across EU” (en-GB). www.euractiv.com. Dáta rochtana: 2021-11-08.
  4. Row brews over French regional languages as country's upcoming EU council presidency ponders future of linguistic diversity” (en). The Parliament Magazine (2021-07-30). Dáta rochtana: 2021-11-08.
  5. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Catalan News Agency.
  6. International Manifesto in Support of Catalonia's Right to Freedom as a People - The Bullet” (en-US). Socialist Project (2021-05-31). Dáta rochtana: 2021-11-08.
  7. Who | The Digital Language Diversity Project”. Digital Language Diversity Project. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 November 2021. Dáta rochtana: 2021-11-08.