An Murlach Gorm (spá geoiteirmeach)

loch san Íoslainn

Spá geoiteirmeach é An Murlach Gorm (Íoslainnis: Bláa lónið) in iardheisceart na hÍoslainne. Tá an spá suite i bpáirc laibhe in aice le Grindavík agus os comhair an tsléibhe Þorbjörn ar Leithinis Reykjanes, in áit atá fabhrach d'fhuinneamh gheoiteirmeach, agus soláthraítear é le huisce a úsáidtear i gcumhachtstáisiún geoiteirmeach Svartsengi in aice láimhe. Tá an Murlach Gorm timpeall 20 km ó Aerfort Idirnáisiúnta Keflavík, agus tá sé ar cheann de na nithe is mó a bhfuil cuairt á tabhairt air san Íoslainn.

Radharc ar an gcuid tírdhreachaithe den láithreán.
Linnte an Mhurlaigh Ghoirm os comhair an ghléasra gheoiteirmigh.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Faisnéis ón eagraíocht turasóireachta i Reykjavik