An Snag Breac ar an gCroch

pictiúr de chuid Pieter Gruegel

Pictiúr ola-ar-adhmaid is ea An Snag Breac ar an gCroch de chuid ealaíontóir Pléimeannach an renaissance Pieter Bruegel Mór, a chum sé sa bhliain 1568.

Pictiúr: Snag Breac ar an gCroch Ealaíontóir: Pieter Brueghel Mór Bliain: 1568 Cineál: Ola-ar-adhmaid Úinéir: Hessisches Landesmuseum

Feicimid sa phictiúr triúir tuathánaigh atá ag damhsa le ceol na bpíob mhála ar talamh bán sa coill, in aice le croch a bhfuil snag breac ina sheasamh air. Tá an phictiúr scartha ina dhá pháirt ag an gcroch atá suite i lár na bpictiúr. Stíl gothaíoch atá ann, leis an dtaobh dheis níos "oscailte" agus an taobh chlé níos "dúnta"[1] agus an snag breac gar do chroílár an phictiúir. Braitheann an chroch mar "réad dodhéanta", cosúil le triantán Penrose, le boinn na staiceanna taobh le taobh, ach leis an taobh dheis den bhall níos faide uainn, agus soilsiú atá in aghaidh a chéile.

Tá snag breac eile ar charraig ag bun na croiche, in aice le blaosc ainmhí. Tá gach duine atá sa phictiúr chun tosaigh ar taobh chlé: tá fear ag dífhaecú faoi scáth na gcrann ar clé agus roinnt daoine eile ag amharc ar na damhsóirí. Ar an taobh clé tá cros agus muileann uisce taobh thiar di. Sa chúlra tá caisleán ar chlé, ar chreig os cionn sráidbhaile i ngleann abhainn, le túr crochta ar aille ar dheis agus ar an taobh thall níl ach cnoic i bhfad uainn agus an spéir ghorm. Taobh thiar de na damhsóirí tá dhá crainn atá fite fuaite ina chéile, íomhá a úsáid Bruegel i bpictiúr níos luaithe ina bhfuil dhá béir ag imirt sa choill. Cuirtear doimhneacht in iúl trí theacht ó dhathanna tiubha donna chun tosaigh, go toin sa mheánionad, go bhfion

nghlas agus liath sa chúlra.

Chum Bruegel a phictiúr sa bhliain tar éis teacht Fernando Álvarez de Toledo, 3ú Diúc Alba go dtí an Ísiltír, seolta ag Pilib II na Spáinne chun Réabhlóid na hÍsiltíre a chur faoi chois. B'fhéidir gur comhartha í an chroch ar bhagairt go mbásófar na daoine a bhí ag moladh an teagasc nua Protastúnach, agus b'fhéidir go dtagraíonn sé ar roinnt seanfhocail Ollainnise. Tá tagairt díreach ar dhamhsa nó cac ar an gcroch, a chiallaíonn magadh ar an stát.[2] Tagraíonn an pictiúr freisin ar an gcreidimh gur cúlchainteoirí móra iad snaganna breaca agus gur cúis bású í cúlchaint.[2] Agus gur trí chluain pléisiúrtha atá an slí chun an chroch.[3]

Ní léir cén fáth agus cé dó atá an pictiúr. Dar leis an dáta atá air, 1568, sé seo ceann de na pictiúir is deireanaí de chuid Bruegel roimh a bhás 1569; go deimhin, a obair deireanach, b'fhéidir[2]. D'iarr Bruegel ar a bhean chéile roinnt dá phictiúir a dhóigh nuair a gheobhadh sé bás ach dúirt sé léi An Snag Breac ar an gCroch a choimeád di féin.[3] Is sa Hessisches Landesmuseum (Iarsmalann an Stáit Hessen) i Darmstadt atá sé inniu.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Early Netherlandish painting, Volume 4 of Collections of the National Gallery of Art Systematic Catalogue, Cambridge University Press, 1986, ISBN 0894680935, p.32
  2. 2.0 2.1 2.2 Painting life: the art of Pieter Bruegel, the Elder, Robert L. Bonn, 2006, ISBN 1-884092-12-8, p.106
  3. 3.0 3.1 The Last Flowering of the Middle Ages Curtha i gcartlann 2012-11-13 ar an Wayback Machine, Baron Joseph Van Der Elst, Kessinger Publishing, 2005, ISBN 1-4191-3806-5, p.114