Cogadh Sín-Vítneamach, 1979
Cogadh Vítneam agus na Síne | |||
Dáta: | 17 Feabhra–16 Márta, 1979 | ||
Áit: | An teorainn idir Vítneam agus an tSín | ||
Toradh: | Shínigh Vítneam agus an tSín conradh teorann sa bhliain 1999 | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
| |||
1 Conspóideach |
Cogadh idir Vítneam agus Daonphoblacht na Síne sa bhliain 1979 ba ea an Cogadh Sín-Vítneamach (nó an Tríú Cogadh na hIndisíne). Tar éis ionradh gearr a dhéanamh ar thuaisceart Vítneam, tharraing na fórsaí Síneacha siar níos lú ná mí ina dhiaidh sin, agus mhaígh an dá thaobh gurbh iad féin a rug an bua.
Cúlra
cuir in eagarBhí an tSín ag tacú le Vítneam sna cogaí in aghaidh na Seapáine, na Fraince agus na Stát Aontaithe, agus is iomaí coinsíneacht arm a fuair na Vítneamaigh, na fórsaí náisiúnaíocha ar dtús, agus ina dhiaidh sin na fórsaí Cumannacha, ón tSín le linn na gcogaí seo. Bhí an tAontas Sóivéadach ag cabhrú leis na Vítneamaigh chomh maith, áfach. Tar éis don deachtóir Iósaf Stailín bás a fháil tháinig naimhdeas idir an tSín agus na Sóivéadaigh, ach bhí ceannairí Vítneam sásta taobhú le rialtas nua Sóivéadach Nicíte Cruistsiof. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh ag iarraidh an tSín a imshuí, agus chuaigh siad ag déanamh mórtachais leis na Meiriceánaigh.
I ndiaidh an bhua a fuair fórsaí Ho Chi Minh ar rialtas Vítneam Theas agus a d'athaontaigh Vítneam, tháinig an tsíocháin go Vítneam, ach san am céanna, chuir Pol Pot ar bun an Champúis Dhaonlathach sa Chambóid le cuidiú ón tSín, an deachtóireacht a rinne ollmharú uafásach ar a muintir féin, go háirithe ar na mionlaigh náisiúnta - mionlach Vítneamach san áireamh. Tír bheag is ea an Chambóid a bhfuil teorainn ag Vítneam léi san iardheisceart. Ní hamháin gur maraíodh a lán Vítneamaigh eitneacha sa Champúis Dhaonlathach, ach bhí na Campúsaigh ag maíomh gur leo féin cuid den talamh trasna na teorann i Vítneam, rud a chuir na Vítneamaigh ar a bhfaichille, ní nárbh ionadh. Fuair Pol Pot tacaíocht ón tSín, agus spreag na Sínigh é chun ionsaí a dhéanamh ar Vítneam sa bhliain 1978. Dá thoradh sin, d'ionsaigh Vítneam an Champúis Dhaonlathach, bhris Arm Vítneam an cath ar na Campúsaigh agus baineadh an chumhacht de Pol Pot. Gabhadh Phnom Penh, príomhchathair na Cambóide, i Mí Eanáir 1979, tháinig deireadh le ré na Campúise Daonlathaí, agus chuir na Vítneamaigh rialtas nua ag stiúradh na Cambóide. Bhí na Sínigh an-mhíshásta leis seo, agus d'fhógair siad go raibh siad le hionradh a dhéanamh ar Vítneam. Bhí na Stáit Aontaithe ag tacú leis an tSín.
Imeachtaí
cuir in eagarAr an 17 Feabhra 1979, rinne 90,000 saighdiúir Síneach le 200 tanc ionsaí ar thuaisceart Vítneam.[1] Bhí a fhios ag na Sínigh go raibh an chuid ab fhearr de shaighdiúirí Vítneam sa Chambóid ag cur catha ar fhórsaí Pol Pot. Ní raibh ach timpeall 100,000 saighdiúir Vítneamach fágtha i dtuaisceart na tíre. Mar sin, d'éirigh leis na Sínigh dul timpeall daichead míle isteach ar thailte Vítneamacha.
Mhaígh na Sínigh go raibh siad ag geataí Hanoi, d'fhógair siad go raibh a misean comhlíonta acu agus chúlaigh siad ar ais go dtí a dtaobh féin den teorainn. Níl sé soiléir cé acu a bhuaigh an cogadh i ndáiríre. Ach má bhí sé i gceist ag na Sínigh na Vítneamaigh a bhrú amach as an gCambóid, níor éirigh leo.
Torthaí an chogaidh
cuir in eagarMar gheall ar an gcogadh seo, d'éirigh stát agus sochaí Vítneam as pabhar naimhdeach i leith an mhionlaigh Shínigh sa tír. Bhí fíor-ghéarchéim ann nuair a theith na mílte Sínigh as Vítneam i mbáid, agus bádh cuid mhór acu amuigh ar an teiscinn mhór. Iad siúd a tháinig slán as an eachtra seo, chuir siad fúthu sna ceantair Shíneacha i gcathracha móra na Stát Aontaithe agus na hAstráile chomh maith le tíortha na hEorpa. Shínigh Vítneam agus an tSín conradh teorann sa bhliain 1999.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Chinese Invasion of Vietnam". www.globalsecurity.org. Dáta rochtana: 2020-10-25.
- ↑ "China-Vietnam pact signed" (en-GB) (2000-12-25). Dáta rochtana: 2020-10-25.