Is teanga í an Volaifis a labhraítear sa tSeineagáil, sa Ghaimbia, agus sa Mháratáin, agus is í teanga dhúchasach na Volafach í. Ceann de na teangacha Nígir-Chongócha í, agus í suite i mbrainse Atlantach na fine seo. Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní teanga thonúil í an Volaifis.

Infotaula de llenguaAn Volaifis
Wolof

Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais3,700,000
Dúchasach doBrakna Region (en) Aistrigh, Trarza Region (en) Aistrigh agus an tSeineagáil
Stáitan Mháratáin, an tSeineagáil agus an Ghaimbia
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
Atlantic languages (en) Aistrigh
Senegambian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, Wolofal script (en) Aistrigh agus Garay (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1wo
ISO 639-2wol
ISO 639-3wol
Glottologwolo1247
Linguasphere90-AAA-a
Ethnologuewol
IETFwo

Is í an Volaifis an teanga is mó a labhraítear sa tSeineagáil. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 40% de mhuintir na tíre, agus an chuid eile bíonn sí acu mar theanga iasachta go minic. Tá Volaifis na gcathrach an-difriúil le Volaifis na tuaithe, áfach. An cineál Volaifise a chluinfeá i nDacár, mar shampla, tá go leor Fraincise agus Araibise measctha tríthi.

Maidir le gramadach na Volaifise is é an rud is suntasaí ná nach féidir na briathra a réimniú ar aon nós. Ina áit sin is iad na forainmneacha a réimnítear - is é sin baintear úsáid as forainmneacha éagsúla, nó foirmeacha éagsúla de na forainmneacha, leis an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus araile a chur in iúl. Le fírinne áfach ní ar an aimsir atá an bhéim is mó sa réimniú seo féin ach ar ghné an bhriathair - is é sin cé acu gníomh críochnaithe atá i gceist nó gníomh atá ar obair i gcónaí.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar