An tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce (Éire)

Cuireadh an tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce ar bun sa bhliain 2000 mar chuid de Sheirbhís Seandálaíochta na hÉireann chun oidhreacht seandálaíochta na hÉireann a riar agus a chosaint.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2000
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtAn Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinarchaeology.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
An Life ag dul isteach i mBá Bhaile Átha Cliath, áit ar aimsíodh iarsmaí de longa meánaoiseacha.

Fardal cuir in eagar

Tá an tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce ag déanamh fardail de longa briste in uiscí na hÉireann. Tá timpeall 10,000 taifead déanta anuas go dtí seo. Suirbhéireacht deisce is mó atá i gceist agus bailítear faisnéis ó fhoinsí cartagrafacha, seandálaíochta agus stairiúla, idir cháipéisí agus phictiúir.

Tá cartlann Fhardal Longa Báite na hÉireann ar fáil faoi láthair ach socrú a dhéanamh roimh ré in oifigí Aonad Cartlainne na Roinne in Foirgnimh Irish Life, Sraid na Mainistreach Íocht, Baile Átha Cliath 1.

Obair cuir in eagar

Pléann an tASFU le breis is míle cás a chuirtear faoina bhráid gach bliain maidir le cúrsaí pleanála agus forbartha. Uaireanta tagtar ar iarsmaí dá bharr. Thángthas ar long bháite de chuid na 17ú Aoise i gCuan Phort Láirge agus ar long bháite eile de chuid na 17ú Aoise ar a laghad i gCionn tSáile, Contae Chorcaí de bharr monatóireacht a dhéanamh ar obair dhreidireachta. Aimsíodh adhmaid ó longa meánaoiseacha agus long bháite mheánaoiseach de bharr monatóireacht a dhéanamh ar bpíblíne shéarachais i mBá Bhaile Átha Cliath.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar