An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
Is é an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra an ghníomhaireacht rialtais i bPoblacht na hÉireann atá i gceannas ar chúrsaí caomhantais. Bainistíonn an tseirbhís na hocht bpáirc náisiúnta in Éirinn, chomh maith le Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais |
Réimse oibre | caomhnú |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2003 |
Suíomh gréasáin | npws.ie |
Bunaíodh an tSeirbhís mar chuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil nuair a cuireadh deireadh leis an ngníomhaireacht Dúchas in 2003.[1] I measc freagrachtaí eile, bhainistíodh Dúchas na páirceanna náisiúnta, agus bhí sé i gceannas ar chúrsaí fiadhúlra chomh maith.
In 2011, cuireadh oidhreacht thógtha agus nádúrtha le cúramaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid d’atheagrú ar na ranna rialtais in Éirinn.[2] Rinneadh atheagrú eile in 2020, agus tháinig an tSeirbhís faoi stiúir na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ McDonald (14 February 2003). “Days of the Heritage Service are numbered”. The Irish Times. Dáta rochtana: 10 October 2018.
- ↑ “Heritage (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2011”. Irish Statute Book (19 April 2011). Dáta rochtana: 27 September 2019.
- ↑ “Heritage (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2020”. Irish Statute Book (8 September 2020). Dáta rochtana: 16 September 2020.