Anabaisteachas
Is gluaiseacht Chríostaí a théann siar go dtí an Reifirméisean Radacach sa 16ú haois é an tAnabaisteachas (Nua-Laidin anabaptista, ón Ghréigis ἀναβαπτισμός: ciallaíonn an réimír ἀνά- “ath-”). Creideann na hAnabaistigh nach bhfuil an baisteadh bailí mura ndearbhaíonn an t-iarrthóir féin a chreideamh i gCríost. Tugtar “baisteadh an chreidmhigh” air seo, i gcodarsnacht leis an traidisiún san Eaglais Chaitliceach naíonáin a bhaisteadh sular féidir leo a gcinneadh féin a dhéanamh.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | fine sainchreideamh Críostaí |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1523 |
Sa bhliain 1527, leag na hAnabaistigh a gcuid bprionsabal amach i ndearbhú creidimh dar teideal Faoistin Schleitheim. Gabhadh a údar, Michael Sattler, agus cuireadh chun báis é go gairid ina dhiaidh sin.
Cleachtann grúpaí Críostaí eile baisteadh an chreidmhigh freisin, mar shampla na Baistigh, ach ní Anabaistigh iad. Síolraíonn na hAmanaigh agus na Meinninítigh go díreach ón ghluaiseacht Anabaisteach.
Rinne eaglaisí stáit, idir Phrotastúnach agus Chaitliceach, géarleanúint ar na hAnabaistigh, go mór mór mar gheall ar an míniú a bhain siad as an scrioptúr a tháinig salach ar mhíniú oifigiúil na hEaglaise. Den chuid is mó, cloíonn Anabaistigh le léamh litriúil ar an tSeanmóir ar an Sliabh i Matha 5-7, a sheasann in aghaidh fuatha, marú, foréigin, mionnaí a ghlacadh, gníomhartha míleata, agus in aghaidh rannpháirtíochta i rialtas sibhialta.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Dictionary of Scripture and Ethics" (1 Samhain 2011). Baker Books. ISBN 978-1-4412-3998-3.