An Protastúnachas
Tugtar Protastúnachas ar an dtréith sin den Chríostaíocht a tháinig ar an saol i ndiaidh an tAthleasú Creidimh, agus go ginearálta ar na heaglaisí a thagann ón am sin agus ina dhiaidh. Tugtar tús áite, go hiondúil, do Mairtín Liútar, manach Aibhistíneach sa Ghearmáin a bhí ag iarraidh athraithe a chur ar bun laistigh den eaglais Chaitliceach maidir le díol loghanna agus lochtanna eile a bhí le feiscint go trom san am sin ar an eaglais chéanna. I 1517, deirtear gur cheangail Martin Luther liosta de 95 gearán a bhí aige i gcoinne na hEaglaise le tairní ar dhoras Ardeaglais Wittenberg na Gearmáine, agus uaidh sin bhí scoilt le sonrú idir a lucht leanúna agus iadsan a chuir ina choinne. Bheadh ríochtaí na hEorpa roinnte óna chéile ar feadh blianta ina dhiaidh sin maidir leis na creidimh a bhí á gcur ar aghaidh iontu faoi seach, agus bheadh cogaí fada ar nós Chogaidh na dTríocha Blian bunaithe cuid mhaith ar theorannacha agus ar ghearáin creidimh.
Ainmnithe in ómós | Protestation at Speyer (en) |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | fine sainchreideamh Críostaí |
Reiligiún | an Chríostaíocht |
Stair | |
Scartha ó | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Dáta a bunaíodh | 10 Samhain 1517 (Féilire Ghréagóra) |
Codanna | |
Lean díograsóirí eile mar Eoin Cailvín i Zürich, Ulrich Zwingli, John Knox in Albain, agus John Huss sa Ríocht Sheiceach Luther, go minic ag cur d'iallach ar lucht a leanta saol an-simplí a leanúint. Mar shampla, ní cheadaítí ólachán, obair ar an Domhnach, nó aon sórt droch-chainte sna cathracha a bhí faoina smacht.
Liosta Eaglaisí Protastúnach
cuir in eagar- Anabaisteachas, Anglacánachas, Ateachtaigh an tSeachtú Lá
- Baisteachas, Cailvíneachas, Cincíseachas, Cumann na gCarad (nó na Caecair)
- Mormannachas
- Finné Iáivé
- Liútarachas
- Modhachas
- Preispitéireachas
- Protastúnachas Shoiscéalach
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |