Martin Luther

Sagart Sacsanach, manach agus diagachtóir, duine barrthábhachtach san Reifirméisean Protastúnach

B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin LutherMartin Luder, Laidin: Martinus Lutherus. 10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh, nuair a d'fhoilsigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór i Wittenberg na Gearmáine ar an 31 Deireadh Fómhair 1517. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin.

Infotaula de personaMartin Luther

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Martin Luder Cuir in eagar ar Wikidata
10 Samhain 1483
Eisleben (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás18 Feabhra 1546
62 bliana d'aois
Eisleben (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Áit adhlacthaAll Saints' Church, Lutherstadt Wittenberg (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Múinteoir ollscoile
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Laidine agus Liútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Erfurt - céim máistreachta (1501 (Féilire Ghréagóra)–1505 (Féilire Ghréagóra)) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheEisleben
Mansfeld
Magdeburg
Eisenach
Erfurt
Lutherstadt Wittenberg
Gníomhaíocht
Réimse oibreDiagacht, fealsúnacht, an Reifirméisean, litríocht agus aistriú
Suíomh oibre St. Augustine's Monastery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaistritheoir, scríbhneoir, tréadaí, seanmóirí, scríobhaí, cumadóir, sagart Caitliceach, fealsamh, scríbhneoir iomann, diagaire, leasaitheoir Protastúnach, ollamh, aistritheoir an Bhíobla, dlíodóir, reformator (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Wittenberg Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtGerman Renaissance (en) Aistrigh, an Reifirméisean agus an Protastúnachas
Mac/iníon léinnMartin Helwig, Jacob Heerbrand agus Michael Neander
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin, an Nua-Ard-Ghearmáinis agus an Ghearmáinis
Ord crábhaidhAgaistínigh
Ghlac sé/sí páirt i
1521Diat Worms Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaAndreas Hoffrichter
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileKatharina von Bora (1525–1546) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElisabeth Luther, Margarete Kunheim, Martin Luther, Jr., Magdalena Luther, Paul Luther, Johannes Luther Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHans Luther  agus Margaretha Luther
SiblínJacob Luther
Croineolaíocht
1 Deireadh Fómhair 1529-4 Deireadh Fómhair 1529Marburg Colloquy (en) Aistrigh
1521-26 Bealtaine 1521Diat Worms
1519Leipzig Debate (en) Aistrigh
1518Heidelberg Disputation (en) Aistrigh
1510-1511Martin Luther's trip to Rome (en) Aistrigh
1507sanctification (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm1051447 Spotify: 1VPTZh1NXBaOm90Oq7vaQD Musicbrainz: 5a90e31d-52f3-4966-8ce0-7c3818fccca3 Lieder.net: 1711Songkick: 469488 Discogs: 703536 IMSLP: Category:Luther,_Martin Find a Grave: 5894 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige Mhairtín Liútair

cuir in eagar

Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in Eisleben ar an 10 Samhain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile Máirtín ó Tours. B'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é.

Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, Magdeburg agus Eisenach.

In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain 1501, chuaigh Máirtín ag staidéar in Ollscoil Erfurt. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain 1502 agus céim an mháistir sa bhliain 1505. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair.

 
Scríobhneoireacht Martin Luther, 1581

I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thoirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. "A Naomh Áine", a sciorr air a rá, "cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh!" [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.

Nuair a bhí sé ina mhanach Agaistíneach, agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh Liútar ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin.

 
An fabhalscéal

Chuir Liútar tús le scoilt na hEaglaise Caitlicí agus le forbairt na hEaglaise Liútaránaí, arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód.

Gearmáinis

cuir in eagar

Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í[1].

Chuir Liútar Gearmáinis ar an mBíobla. Rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha.

 
Caiticeasma, 1560, Leipzig

Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcomhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí Gemeines Deutsch nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.

Sa Ghaeilge, ba ghnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon.