Mianadóireacht
Tarraingt mianraí úsáideacha ón Domhan, ó dhoimhneacht réasúnta mór nó gar don dromchla. Rinneadh leis na cianta í, ach saothraíodh go mór le forbairt na cumhachta meicniúla í. I mianadóireacht dromchla nó stiallmhianadóireacht, baintear an ithir chun siúil agus tochlaítear an mianach, an gual, an chré, nó an mianra go díreach. Ag doimhneachtaí móra tagtar gar do na fosuithe trí tholláin chothrománacha amach ó shloic cheartingearacha. Athraítear na modhanna tochailte seo de réir geolaíochta. Bíonn bealaí eile mianadóireachta in úsáid nuair is cuí. Mar shampla, dreideáiltear mianach stáin sa Mhalaeisia ó ghrinnill locha. Ardaítear sulfar ón doimhneacht le poill chomhlárnacha tóraíochta trí uisce an-te a chaidéalú go leanúnach síos poll amháin: leánn sé sin an sulfar, a ritheann suas an poll eile. Uaireanta, ardaítear salann ar an mbealach céanna, agus galaítear an sáile chun an salann a aisghabháil.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mianadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 452.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |