Sulfar
Is dúil cheimiceach é an sulfar nó an ruibh, mar a thugtar air freisin. Is é dúil uimhir a 16 agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná S. Tá an sulfar ar ceann de na dúile is coitianta amuigh, agus is féidir teacht ar an dúil aonraithe féin sa dúlra, chomh maith leis an dúrud mianraí sulfáite. Tá sé riachtanach don bheatha, agus is comhábhar tábhachtach é ina lán comhdhúl bithcheimiceach, ar nós an dá aimíonaigéad úd cistéin agus meitiainín.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus chalcophile element (en) |
---|---|
Sulfar sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | S |
Uimhir adamhach | 16 |
Mais adamhach | 32.06 |
Cumraíocht leictreon | [Ne] 3s² 3p⁴ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁴ |
Peiriad, Grúpa | peiread 3 calcaigin |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | 2.07 kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 2.58 |
Ga ianach | 1.84, 0.37, 0.12 agus 0.29 |
Stair | |
Aimsitheoir | Antoine Lavoisier |
Fionnachtain | 1777 |
Bíonn drochbholadh as na comhdhúile sulfair, ach níl mórán bolaidh as an sulfar féin. Solad buí é an sulfar faoi bhrú an atmaisféir agus le teocht an tseomra. Níl sé intuaslagtha san uisce, ach is féidir é a thuaslagadh sa déshuilfíd charbóin. Tá a lán allatróp éagsúil ag an sulfar, áfach. An cineál sulfair is coitianta, is é sin, an sulfar buí, tá sé comhdhéanta as móilíní a bhfuil ocht n-adamh sulfair iontu, ach tá trí allatróp difriúla ag an ochtsulfar seo féin.
Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an sulfar, agus is é 32S an ceann is flúirsí acu go léir, nó seasann sé do 95 % den tsulfar nádúrtha - rud is léir ón meáchan adamhach freisin. Níl iseatóip nádúrtha radaighníomhacha ag an sulfar.
Tá a lán uimhreacha ocsaídiúcháin ag an sulfar ina chuid comhdhúl:
- -2, ar nós suilfídí na miotal agus an tsuilfíd hidrigine H2S
- +2, cosúil leis an déchlóiríd sulfair SCl2
- +4, cosúil leis an dé-ocsaíd sulfair SO2
- +6, cosúil leis an aigéad sulfarach H2SO4
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |