Dé-ocsaíd sulfair
Dé-ocsaíd sulfair | |
---|---|
![]() |
![]() |
Ainm IUPAC | Dé-ocsaíd sulfair |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 7446-09-5 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | SO2 |
Mais mhóilíneach | 64.066 g mol−1 |
Dlús | 2.6288 kg m−3 |
Intuaslagthacht | 94 g/L |
Leáphointe | −72 °C; −98 °F; 201 K |
Fiuchphointe | −10°C (14 °F; 263 K) |
pKa | 1.81 |
Slaodacht | 0.403 cP (at 0 °C) |
Guaiseacha | |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Is comhdhúil cheimiceach í Dé-ocsaíd sulfair . Ag atmaisféar caighdeánach, is gás tocsaineach é le boladh géar greannach. Is é a tríphointe ná 197.69 K agus 1.67 kPa. Scaoiltear amach í go nádúrtha le linn gníomhaíochta bolcánacha.
Bhain na Rómhánaigh úsáid as dé-ocsaíd sulfair chun fíon a dhéanamh nuair a fuair siad amach nuair a dhóití coinnle sulfair taobh istigh de soithí folamh fíona go gcoimeádtar iad saor ó bholadh fhínéagair.[1]
Struchtúr agus nascadhCuir in Eagar
Is móilín lúbtha é SO2 le C2v grúpa pointí siméadrach . Chuirfeadh chur chuige bunaithe ar teoiric an fhiúsnaisc, ag scrúdú ar s agus p fithiseáin amháin, síos ar an nascadh i dtéarmaí athshondais idir dhá struchtúr athshondas .
Tá nascord de 1.5 ag an nasc idir sulfair agus ocsaigin. Tugtar tacaíocht don chur chuige simplí seo nach n-agraíonn rannpháirtíocht d ' ' fithiseach .
Maidir le foirmiúlachas leictreonchomhairimh, tá staid ocsaídiúcháin de +4 ag adamh sulfair agus lucht foirmiúil de +1.[2]
TarlúCuir in Eagar
Bíonn SO2 le fáil ar an Domhan ach i dtiúchan an-bheag agus san atmaisféar ag thart ar 1 csb (codanna sa billiún).
Ar phláinéid eile, is féidir teacht uirthi i dtiúchain éagsúla, an ceann is tábhachtaí ná ar atmaisféar Véineas, áit a bhfuil sí ar an an tríú gás is suntasaí, ag 150 csm. Ansin, comhdhlúthaíonn sí chun scamaill á dhéanamh, agus bíonn sí ina cuid thábhachtach de imoibrithe ceimiceacha san atmaisféar agus cuidíonn sí leis an téamh domhanda. Luaitear í mar an ghníomhaire lárnach is mó a bhíonn freagrach as luathtéamh Mharsa, le meastacháin na tiúchana san ísealatmaisféar chomh hard le 100 csm, cé nach mbíonn sí ann ach amháin i méideanna rian ann bheag. Ar Véineas agus Mars agus ar an Domhan araon, creidtear gurb é sceitheadh gáis bholcánaigh a phríomhfhoinse. Bíonn 90 % dé-ocsaíd sulfair san atmaisféar Io agus ceaptar go mbíonn rianméideanna freisin san atmaisféar Iúpatair.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ "Chemical bonding in oxofluorides of hypercoordinatesulfur" (1997). Journal of the Chemical Society, Faraday Transactions 93 (13): 2247–2254. doi: .