Naomh Agaistín

Naomh tábhachtach san Eaglais Chaitliceach ab ea Agaistín HippoSan Agaistín (13 Samhain 35428 Lúnasa 430).

Naomh Agaistín
Augustine Lateran.jpg
easpag Caitliceach


easpag deoise

396 -
Deoisí: Q3708139 Aistrigh
Saol
Eolas breitheThagaste (en) Aistrigh, 13 Samhain 354, 354
NáisiúntachtAn tSean-Róimh
BásHippo Regius (en) Aistrigh, 28 Lúnasa 430, 430
Áit adhlacthaSan Pietro in Ciel d'Oro (en) Aistrigh
Muintir
AthairPatricius
MáthairNaomh Muinice
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn Laidin
Punic (en) Aistrigh
Teangacha na mBeirbeireach
Mic léinnHeraclius of Hippo (en) Aistrigh
Gairm
Gairmfealsamh, diagaire, dírbheathaisnéisí, teoiricí ceoil, seanmóirí, staraí, file, preispitéir, scríbhneoir, sagart Caitliceach agus easpag teidealach
Saothar iomráiteachConfessions (en) Aistrigh
The City of God (en) Aistrigh
On the Trinity (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiNaomh Ambrós
Féile
28 Lúnasa
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
An Mhainicéasaíocht
IMDbnm1240835
Discogs ID2328174
San Agaistín, le Botticelli (t.1480)

LuathshaolCuir in Eagar

Rugadh Aurelius Augustinus i dTagaste san Afraic Thuaidh i 354. Ba saoránach Rómhánach págánach a athair, Patricius agus ba Bhearbéir agus Chríostaí a mháthair, Naomh Monica. Níor báistíodh é agus é ina leanbh.

D'fhreastail sé ar an ollscoil sa Chartaig agus thóg sé do shaol na mac léinn ag an am.

Bhí mac aige, Adeodatus, lena leannán nó bean leapa (ní raibh siad riamh pósta).

Ghlac Agaistín Mainicéasaíocht ar feadh seal. Bhí sé ag múineadh reitric san ollscoil i Carthago, sa Róimh agus i Milano ina dhiaidh sin. D'fhill sé ar Milano, agus ba ghnách leis dul ag éisteacht le heaspag Milano, Naomh Ambrós, toisc go raibh suim aige i gcumas labhairt aige.

CríostaíochtCuir in Eagar

 
Les Très Riches Heures du duc de Berry, Folio 37v - Musée Condé, Chantilly.

Thiontaigh Agaistín ina Chríostaí agus báistíodh é sa bhliain 387.

Oirníodh Agaistín ina shagart agus toghadh é mar easpag Hippo Regius go gearr ina dhiaidh.

Fuair a mháthair agus a mhac le chéile bás tamaill gearr ina dhiaidh.

Sa bhliain 388, chuir Agaistín tosach le comhphobal beag fireann san Afraic Thuaidh. Bhain sé cáil amach mar chosantóir na Críostaíochta Ceartchreidmhigh i gcoinne ionsaithe na Meanaicigh agus eiricigh cosúil leis na Donataigh agus lucht Pelagius.

Fuair Agaistín bás ar 28 Lúnasa 430 nuair a bhí na Vandail ag déanamh ionsaí ar Hippo.

TioncharCuir in Eagar

Scríobh Agaistín riail atá fós á úsáid ag Oird Rialta san Eaglais Chaitliceach. Chuir sé tús le saol fada scríbhneoireachta. 'S iad na leabhair is tábhachtaí dá chuid ná Confessiones agus De civitate Dei.

Is é an fhéile atá aige ná 28 Lúnasa.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar