Osclóidh seo an príomhroghchlár

Is comhphobail fir nó mná atá ina gcónaí le chéile faoi riail coitinn é Ord Rialta. Tá tábhacht faoi leith ag an saol rialta i measc na mBuideach, san Críostaíocht, san traidisiún Sufi an Ioslaim, agus reiligiúin eile ar fud an domhain.

CríostaíochtCuir in Eagar

Eaglais ChaitliceachCuir in Eagar

San Eaglais Chaitliceach tá oird rialta fireann scartha i gceithre rang:

Canónaigh RialtaCuir in Eagar

Cuireadh tús leo san 10ú haois. 'S iad Canónaigh Rialta Naomh Aibhistín agus na Praemonstraiteinsigh an dá is fearr athnid. De gnáth, úsáideann na hOird seo Riail Naomh Aibhistín.

ManaighCuir in Eagar

Cé go bhfuil manaigh ag an Eaglais Chaitliceach ó aimsir Impireacht na Róimhe, níor cuireadh eagar ar na mainistreacha in Oird go dtí an 11ú haois. 'S iad na Beinidictigh, na Cistéirsigh agus na Cartúísigh na hoird is fearr aithnid san Iarthar agus úsáideann siad Rial Naomh Beinidict. San Oirthear, tá traidisiún difriúil i gceist agus tá an cuid mhór-chuid manaigh Caitliceacha an Oirthir in Ord Naomh Basil, faoi Rial Naomh Baisíl.

BráithreCuir in Eagar

Cuireadh tús leis na Bráithre Bochta sa 13ú haois le Naomh Doiminic agus Naomh Proinnsias Assisi. 'S iad na ceithre mhór oird bráithre ná na Proinnsiasaigh, na Doiminicigh, na Agaistínigh agus na Cairmilítigh. Tá a riail féin ag na Cairmilítigh agus na Proinsiasaigh, ach úsáideann an chuid eile Riail Naomh Aibhistín.

Cleircigh RialtaCuir in Eagar

Tháinig na cleircigh rialta chun cinn in aimsir an Reifirméisin san 16ú haois, go háirithe tar éis Comhairle Treinte. 's é an ord cleircigh rialta is cáiliúil ná an tOrd Íosánach.

Tar éis sin, tháinig comhthionóil i bhfeidhm nach bhfuil rialacha agus eagraíocht chomh dian, ar nós na Uinsinnigh, na Páisigh agus na Fuascailteoirigh.

Eaglais CheartchreidmheachCuir in Eagar

San Eaglais Cheartchreidmheach, tá an-thábhacht leis an saol rialta - mar shampla, ní féidir sagart a cheapadh ina easpag muna bhfuil sé ina mhanach. Ach níl an eagraíochta céanna acu. Leanann mór-chuid de mainistreacha Cheartchreidmheacha Riail Naomh Basil.

ProtastúnachasCuir in Eagar

Chuaigh na Protastúnaigh i gcoinne an saol rialta ag an Reifirméisin, ach ón 19ú haois, cuireadh tús leis an saol rialta Protastúnach, go háirithe sna heaglaisí Anglacánacha agus Liútaránacha.

TagairtíCuir in Eagar